Léim go dtí an t-ábhar

Bhí ról cosantach agus cobhsaithe ag infheistíocht phoiblí shuntasach, dar le staidéar, ach leanann an neamhionannas ar aghaidh

Foilsíodh staidéar nua inniu ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) agus an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI), ina bhfiosraítear tionchar comhionannais phaindéim COVID-19 ar an margadh saothair, agus comparáid á déanamh ar an gcás roimh an bpaindéim agus ina diaidh. Léiríonn na torthaí gur fhás rátaí fostaíochta i mbeagnach gach grúpa a ndearnadh anailís orthu i ndiaidh na paindéime, agus gur tháinig titim ar dhífhostaíocht agus neamhghníomhaíocht an mhargaidh saothair trí chéile. Bhí tionchar trom ag paindéim COVID-19 ar an tsochaí, agus tionchar ollmhór ar chearta geilleagracha agus rochtain ar an obair, tríd an raon srianta sláinte poiblí a cuireadh i bhfeidhm. Sa chomhthéacs sin, b’éachtach téarnamh an mhargaidh saothair, agus tugann sé léargas ar éifeacht mhaolaithe thacaíochtaí an Rialtais do ghnóthaí, fostóirí agus daoine aonair, ag tarraingt aird ar ról cosantach agus cobhsaithe na hinfheistíochta poiblí suntasaí. Áitítear sa staidéar gur dócha gur éascaigh idirghabháil mhór stáit i rith na paindéime an téarnamh sin, i dtéarmaí tacaíochtaí fostaíochta agus leasa shóisialaigh. Ag a mbuaic, thacaigh scéimeanna fostaíochta a bhain le COVID-19 le thart ar mhilliún duine agus 37,000 fiontar. D’fhéadfaí leas a bhaint as gníomhachtú scéimeanna mar sin amach anseo i ngéarchéimeanna sa mhargadh saothair, dá ndéanfaí iad a cheapadh go cúramach agus dóthain acmhainní a chur ar fáil dóibh. Cé go raibh téarnamh ar chúrsaí fostaíochta, tá an patrún neamhionannais a bhí ann roimh an bpaindéim mar an gcéanna i ndiaidh na paindéime.  Tá fianaise ann freisin gur thit roinnt grúpaí níos faide siar, mar shampla, d’éirigh níos measa le daoine ag a bhfuil leibhéil oideachais níos ísle ná grúpaí eile, i dtéarmaí a rannpháirtíochta sa mhargadh saothair agus an cineál oibre a bhí ar fáil dóibh, i rith na tréimhse faoi chaibidil. Tarraingítear aird sna sonraí atá ar fáil freisin ar an easpa athraithe i ndáiríre ar ghníomhachtú geilleagrach daoine faoi mhíchumas roimh an bpaindéim agus ina diaidh, rud a léiríonn arís an gá le straitéisí fostaíochta spriocdhírithe le haghaidh grúpaí a ndearnadh imeallú orthu go stairiúil. Anuas air sin, tá a fhios againn nach raibh rochtain ar chianobair scaipthe go cothrom. Áirítear le cuid de na príomhthorthaí:
  • Tugann an fhianaise le fios nár scaipeadh go cothrom an tionchar ar an margadh saothair i rith phaindéim COVID-19. D’fhulaing daoine óga, mar shampla, an titim is mó ar fhostaíocht agus rannpháirtíocht. Chonacthas gur toisc chosantach a bhí san ardoideachas, le rátaí fostaíochta i bhfad níos airde ina measc siúd ag a raibh leibhéil oideachais níos airde i rith na tréimhse faoi chaibidil.
  • Cé go raibh tionchar níos measa ar oibrithe níos óige ar dtús i rith na paindéime, sa tréimhse i ndiaidh na paindéime in 2022, bhí a ráta fostaíochta tar éis fás níos mó ná na haoisghrúpaí eile.
  • Cé gur fheabhsaigh rátaí fostaíochta le haghaidh roinnt daoine faoi mhíchumas, thit rátaí fostaíochta i measc daoine faoi mhíchumas a shainaithin go raibh siad teoranta go mór ina gcuid gníomhaíochtaí i rith na paindéime.
  • Tháinig ardú gan choinne ar chianobair ó thús na paindéime, cé gur lú an tairbhe a bhain roinnt grúpaí, ar nós oibrithe le leibhéil oideachais níos ísle agus daoine a chónaigh i gceantair thuaithe, as an ardú sin.
  • Bhí an t-ardú ar chianobair ag brath go mór ar ghairm agus earnáil, leis na méaduithe ba mhó i seirbhísí TF agus airgeadais, agus d’oibrithe i ngairmeacha gairmiúla agus tacaíochta cléireachais.
  • Tháinig an t-ardú ar chianobair i gcomhthráth le méadú 1.1% ar uaireanta oibre na mban. Cé go bhféadfadh gur dea-scéala é sin do neamhionannas geilleagrach na mban, d’fhéadfadh go n-eascródh aighneas níos mó idir an obair agus an teaghlach as mura dtagann laghdú gaolmhar ar na huaireanta oibre gan phá. Tarraingíonn an toradh sin aird ar an ngá atá le sonraí maithe ar obair gan phá in Éirinn, go háirithe nuair atá comhionannas inscne sa mhargadh saothair á mheas.
Impleachtaí Beartais:
  • An téarnamh tapa ar ghníomhaíocht gheilleagrach i ndiaidh deireadh a chur leis na srianta a bhain leis an bpaindéim, éascaíodh é leis an infheistíocht agus na tacaíochtaí stáit suntasacha le haghaidh daoine aonair, fostóirí agus gnóthaí, agus ba cheart an fhoghlaim sin a leabú i mbeartas, straitéis agus infheistíocht an Rialtais a bhaineann leis an margadh saothair.
  • Toisc nach bhfuil éifeachtaí iomlána na cianoibre le brath fós, ba cheart don mhonatóireacht leanúnach a mheas an bhfuil an chianobair ag cruthú deiseanna, nó ag treisiú neamhionannais.
  • Anuas air sin, tharraing an staidéar seo aird ar an easpa sonraí faoi ghníomhaíocht sa mhargadh saothair le haghaidh grúpaí tábhachtacha. Mar shampla, tá ganntanas sonraí inchomparáide ón Suirbhé ar an Lucht Saothair i gcás daoine faoi mhíchumas agus easpa sonraí ar thorthaí grúpaí eitnigh mhionlaigh agus LADTI+, rud a dhéanann monatóireacht ar éifeachtacht na straitéisí náisiúnta deacair agus a tharraingíonn aird ar an tábhacht a bhaineann leis an Straitéis Sonraí Comhionannais atá ar na bacáin.
Dúirt Eoin Ronayne, Coimisinéir de Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas:
‘Tá an Coimisiún soiléir go gcaithfidh an Stát a bheith in ann freagairt do ghéarchéimeanna a dhéanann bagairt ar chearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha, mar a rinne paindéim COVID-19. Cé go raibh téarnamh éachtach ar an margadh saothair i ndiaidh phaindéim COVID-19, rud a tharraing aird ar ról cobhsaithe na hinfheistíochta poiblí suntasaí, tá a fhios againn gur ann do neamhionannas go fóill. Tá sé ríthábhachtach anois go leabaíonn an Stát an fhoghlaim sin, ag cinntiú rochtain ar obair chuibhiúil d’ardchaighdeán do chách. Tá a fhios againn nach raibh tionchar na paindéime scaipthe go cothrom ar gach grúpa sa tsochaí. Gríosaím an Stát chun imscrúdú cuimsitheach a dhéanamh ar thionchar na paindéime ar gach grúpa, iad siúd is imeallaithe agus is mó i mbaol neamhionannais ina measc, san fhiosrúchán atá le déanamh go luath ar COVID-19.’
Dúirt údar na tuarascála, Anousheh Alamir ó ESRI:
‘Tá seans gurb é an toradh is mó a bheidh ag paindéim COVID-19 ar mhargadh saothair na hÉireann an t-ardú a tháinig ar chianoibriú. Ach ní féidir gach post a dhéanamh ó chian, agus níor bhain roinnt grúpaí, ar nós daoine ag a bhfuil cáilíochtaí níos ísle agus daoine atá lonnaithe i gceantair thuaithe, tairbhe chothrom as an rochtain ar chianobair. Tá iarmhairtí iomlána na cianoibre fós le tarlú agus treisíonn sé sin an tábhacht a bhaineann le monatóireacht leanúnach ar a héifeachtaí ar obair agus oibrithe.’
CRÍOCH NASC CHUIG AN TUARASCÁIL IOMLÁN:  IHREC – Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Nóta don Eagarthóir:

  • Tá “The Equality Impact of the Covid-19 pandemic on the Irish labour market” le Anousheh Alamir, Frances McGinnity agus Helen Russell ó ESRI le fáil ar líne ar shuíomh gréasáin Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ar www.ihrec.ie agus ar shuíomh gréasáin ESRI ar esri.ie.
  • Tá na torthaí bunaithe ar anailís ar shonraí ón Suirbhé ar an Lucht Saothair.Bhailigh an Suirbhé sin tuairiscí freagróirí ar fhostaíocht agus ar an margadh saothair ar fud na hÉireann in 2019 agus 2022. Mar gheall ar an easpa sonraí ón Suirbhé ar mhíchumas, tá na torthaí bunaithe freisin ar anailís ar shonraí ó Shuirbhé an Aontais Eorpaigh ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (EU-SILC). Bhailigh an Suirbhé sin tuairiscí freagróirí ar fhostaíocht agus ar an margadh saothair ar fud an Aontais Eorpaigh in 2019 agus 2022, agus úsáidtear sonraí na hÉireann.
Ullmhaíodh an tuarascáil “The Equality Impact of the Covid-19 pandemic on the Irish labour market” mar chuid de Chlár Taighde IHREC/ESRI ar Chearta an Duine agus Comhionannas. Is é seo an 11ú staidéar a foilsíodh ón gclár, agus tá sé á chomhfhoilsiú ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas agus an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI).