D’fhoilsigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún;) an dara sraith moltaí don Rialtas mar chuid den rannpháirtíocht leanúnach san Athbhreithniú ar na hAchtanna um Chomhionannas, lena n-áirítear na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000–2018 agus na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998–2015.
Mar chomhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann, tá an Coimisiún ag moladh go n-athrófaí an reachtaíocht comhionannais chun idirdhealú a áireamh san fhoras stádais shocheacnamaíoch agus san fhoras ciontaithe choiriúil.
Maidir le tabhairt isteach an fhorais stádais shocheacnamaíoch, agus i ndiaidh scór blianta d’éilimh lena aghaidh, creideann an Coimisiún gur “ceist ceartais é go mbeadh an foras sin ina chuid de reachtaíocht na hÉireann” agus ní hamháin go neartódh a thabhairt isteach éifeachtacht na nAchtanna um Chomhionannas, léireodh sé aistriú ríthábhachtach i dtírdhreach comhionannais na hÉireann (féach ar leathanach 50 den aighneacht).
Maidir le tabhairt isteach an fhorais ciontaithe choiriúil, molann an Coimisiún go n-áireofaí cosc leathan ar idirdhealú ar an bhforas ciontaithe choiriúil nach bhfuil teoranta do chiontuithe spíonta, san Acht um Chomhionannas Fostaíochta agus san Acht um Stádas Comhionann araon, agus go ndéanfaí níos mó taighde, ag cosaint chearta na n-íospartach, chun na díolúintí cuí a theastaíonn faoin bhforas seo a chinneadh (féach ar leathanach 67 den aighneacht).
Mhol an Coimisiún athrú freisin ar na forais inscne agus stádais teaghlaigh atá i bhfeidhm faoi láthair. Ba cheart an foras inscne sna hAchtanna um Chomhionannas a leasú chun tagairt fhollasach a dhéanamh d’fhéiniúlacht inscne, léiriú inscne agus tréithe gnéis, agus iad a shainmhíniú (féach ar leathanach 57 den aighneacht). Ba cheart an foras stádais ‘cúramóra’ a thabhairt ar an bhforas stádais ‘teaghlaigh’, agus é a shainmhíniú chun a chinntiú go gcosnaítear raon níos leithne tuismitheoirí agus daoine a thugann cúram do dhaoine fásta.
San aighneacht, leagtar amach os cionn 55 moladh sonrach maidir le rochtain ar cheartas agus cúnamh dlí; díolúintí faoi na hAchtanna um Chomhionannas; forais chosanta; dualgais dhearfacha; gníomhaíocht dhearfach agus éifeachtacht agus bailiú sonraí a thomhas. Moltar freisin go dtabharfaí isteach ‘clásal cuspóra agus prionsabail’ chun cur i bhfeidhm an dlí a threorú.
Ag labhairt di inniu, dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:
“Bíonn daoine ar fud na hÉireann thíos leis an idirdhealú ar go leor bealaí difriúla i gcaitheamh a saoil. Is cuid shuntasach de fhreagairt an Stáit don idirdhealú é an dlí comhionannais, mar sin is deis ríthábhachtach é Athbhreithniú an Rialtais ar an Dlí Comhionannais chun athrú a dhéanamh. Caithfidh an dlí athrú chun cosc éifeachtach a chur ar an idirdhealú, agus cosaint a thabhairt ina choinne, anois agus amach anseo. “Cabhróidh ár moltaí le hathbhreithniú reatha an Rialtais agus léireoidh siad bealach chun dlí comhionannais in Éirinn a mhúnlú sa todhchaí. Thugamar le chéile saineolaithe dlí [alt 18 den Acht fán gCoimisiún, 2014] ón saol acadúil agus ón tsochaí shibhialta chun cabhrú linn fís a leagan síos don chuma a d’fhéadfadh a bheith ar an dlí comhionannais in Éirinn sa todhchaí.”Nóta Eagarthóra Tá an aighneacht iomlán ó Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ar fáil ag an nasc seo a leanas: https://www.ihrec.ie/documents/submission-on-the-review-of-the-equality-acts/ D’fhoilsigh an Coimisiún na breathnuithe reachtacha sin mar Chomhlacht Náisiúnta Comhionannais na hÉireann agus de réir a shainordaithe athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar leordhóthanacht agus ar éifeachtacht an dlí agus cleachtas sa Stát maidir le cosaint chearta an duine agus an chomhionannais agus moltaí a dhéanamh don Rialtas chun cearta an duine agus comhionannas a láidriú agus a chaomhnú. Ina aighneacht, déanann an Coimisiún os cionn 55 moladh sonrach maidir le: Teacht ar Cheartas agus Cúnamh Dlí
- cuireann an Stát gearáin idirdhealaithe in áitribh cheadúnaithe ar ais faoi réim na nAchtanna um Stádas Comhionann agus dlínse an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre trí alt 19 den Acht Deochanna Meisciúla, 2003 a aisghairm.
- tugtar ainm nua ar an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre a léiríonn agus a chuireann in iúl raon iomlán a shainchúraim, a bhaineann le níos mó ná ‘caidreamh san áit oibre’, tríd an Acht um Chaidreamh san Áit Oibre, 2015 a leasú.
- úsáidtear cur chuige saincheaptha i leith soláthar cúnaimh dlí do ghrúpaí mionlaigh agus atá leochaileach go struchtúrtha chun éagothroime chórasach agus cultúr idirdhealaithe a chur ina gceart.
- leathnaítear an Scéim Cúnaimh Dhlíthiúil Shibhialta chun raon réimsí níos leithne a áireamh, ina measc, ar a laghad, cásanna fostaíochta agus comhionannais os comhair an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.
- athbhreithnítear na díolúintí faoi na hAchtanna um Chomhionannas, á dtreorú ag prionsabail ghinearálta na comhréireachta; inrochtaineacht agus soiléire; comhleanúnachas le hoibleagáidí AE agus idirnáisiúnta na hÉireann; comhsheasmhacht; agus éifeachtacht.
- coinnítear raon leathan agus cur i bhfeidhm praiticiúil éifeachtach an tsainmhínithe reatha ar mhíchumas.
- breithnítear athbhreithniú ar aon teanga as dáta agus stiogmataithe a úsáidtear sa sainmhíniú reatha, i ndlúthchomhar le hEagraíochtaí Daoine Faoi Mhíchumas, ach caithfidh aon mholadh go leasófaí an sainmhíniú iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe a sheachaint agus raon leathan agus cur i bhfeidhm praiticiúil éifeachtach an tsainmhínithe reatha a choinneáil.
- cuirtear cur chuige neamhshiméadrach (cuirtear teorainn leis an bhforas dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar a stádas socheacnamaíoch) i bhfeidhm i sainmhíniú forais nua shocheacnamaíoch.
- cuirtear táscairí i sainmhíniú an fhorais shocheacnamaíoch.
- baintear an fhoráil ‘grúpa sóisialta nó geografach in-sainaitheanta’ ón sainmhíniú ar mhíbhuntáiste socheacnamaíoch sa Bhille um Chomhionannas (Forálacha Ilghnéitheacha), 2021.
- leasaítear an foras inscne sna hAchtanna um Chomhionannas chun tagairt fhollasach a dhéanamh d’fhéiniúlacht inscne, léiriú inscne agus tréithe gnéis, agus iad a shainmhíniú. Ba cheart an foras inscne a thabhairt ar an bhforas fós, chun coinneáil na gcosaintí faoi chásdlí an fhorais inscne atá i bhfeidhm faoi láthair a éascú agus a chinntiú.
- in athchóiriú an fhorais inscne, ba cheart machnamh a dhéanamh ar athmhúnlú na ndíolúintí a bhaineann le hinscne chun a chinntiú nach maolaítear na cosaintí atá i bhfeidhm faoi láthair le haghaidh fir agus mná trasinscne. Ba cheart machnamh a dhéanamh freisin ar dhíolúintí a bhaineann le hinscne a athmhúnlú chun a chinntiú nach ndéantar éascaíocht de thimpiste ar idirdhealú ar ghrúpaí difriúla laistigh den fhoras inscne.
- tugtar an foras stádais ‘cúramóra’ ar an bhforas stádais ‘teaghlaigh’, agus sainmhínítear é chun a chinntiú go gcosnaítear raon níos leithne tuismitheoirí agus daoine a thugann cúram do dhaoine fásta.
- áirítear cosc leathan ar idirdhealú ar an bhforas ciontaithe choiriúil nach bhfuil teoranta do chiontuithe spíonta, san Acht um Chomhionannas Fostaíochta agus san Acht um Stádas Comhionann araon, agus déantar níos mó taighde chun na díolúintí cuí a theastaíonn faoin bhforas seo a chinneadh.
- déantar machnamh ar athmhúnlú an fhorais cúnaimh tithíochta mar fhoras ‘foinse ioncaim’ a rachadh i bhfeidhm ar raon feidhme ábhartha iomlán na nAchtanna um Chomhionannas.
- neartófar na cumhachtaí faoi alt 42(5) den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014 trína fhoráil go bhféadfaidh an Coimisiún a ‘cheangal’ ar chomhlachtaí poiblí tabhairt faoi athbhreithniú nó plean gníomhaíochta comhionannais agus chearta an duine.
- scriostar alt 42(11) den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014 chun go bhféadfaí cúis chaingne a thabhairt do dhuine in aghaidh comhlacht poiblí i dtaobh fheidhmíocht a fheidhmeanna faoi Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine.
- neartaítear na ceanglais i leith comhlíonadh Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine a thuairisciú.
- tugtar isteach dualgais dhearfacha comhionannais le haghaidh na hearnála príobháidí atá dírithe ar spriocanna, bunaithe ar phlean agus cuimsitheach i reachtaíocht na hÉireann.
- cuirtear foráil amháin uileghabhálach in áit an chur chuige i leith gníomhaíocht dhearfach atá sna hAchtanna um Stádas Comhionann faoi láthair, foráil a cheadódh bearta sonracha grúpa-bhunaithe chun a chinntiú go mbaintear comhionannas iomlán amach sna forais idirdhealaithe ar fad.
- tógann an Stát gníomh práinneach chun córais bailithe, próiseála agus cumarsáide sonraí imdhealaithe comhionannais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm de réir a chéile i measc na gcomhlachtaí poiblí ábhartha chun monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus tionchar na reachtaíochta in Éirinn, agus foilsíonn na comhlachtaí ábhartha staidreamh agus anailís gach bliain.