Is dócha go mbeidh ar dhaoine leas a bhaint as cóiríocht éigeandála mar gheall ar fhorálacha, a deir IHREC in aighneacht don Aire Tithíochta
Tharraing Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) údair mhór imní anuas inniu faoi Scéim Ghinearálta Bhille na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2024 in aighneacht a cuireadh faoi bhráid an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Tarraingíonn an reachtaíocht mholta saincheisteanna suntasacha um chearta an duine agus comhionannas anuas, agus tá imní orainn go bhféadfadh na forálacha sin tionchar idirdhealaitheach agus díréireach a imirt ar phobail mionlaigh eitnigh, agus ar na grúpaí is leochailí inár sochaí.
Tarraingítear aird san aighneacht ar an gcaoi ar dócha go n-eascróidh méadú ar náisiúnaigh nach Éireannaigh iad a eisiaitear ón liosta tithíochta as critéir reachtúla incháilitheachta i leith cónaí dlíthiúil agus gnáthchónaí. I réimsí eile den Stát ina gcuirtear coinníoll an ‘ghnáthchónaí’ i bhfeidhm, faoin dlí leasa shóisialaigh mar shampla, bíonn dúshláin faoi leith le sárú ag teaghlaigh Imirceacha, Lucht Siúil agus Romacha chun na coinníollacha a chomhlíonadh. D’fhéadfadh go dtarlódh sin mar gheall ar phatrúin fostaíochta, easpa naisc teaghlaigh, nó an tréimhse fhoriomlán a caitheadh sa tír. Cé go gcuirtear i bhfeidhm ar gach iarratasóir ar shochair é, beag beann ar a náisiúntacht, níl coinníoll an ‘ghnáthchónaí’ neodrach sa chomhthéacs sin mar gheall ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm i ndáiríre é.
Léiríonn na bacainní sin an gá atá le cuntasacht riaracháin shoiléir agus sásra achomharc substainteach. Ach ní fhoráiltear dó sin sa reachtaíocht mholta. I bhfianaise chomh casta agus atá na ceisteanna atá le cinneadh agus tionchar cinntí míchearta ar iarratasóirí ar thithíocht shóisialta, sonraímid go bhféadfadh gur sárú ar chearta iarratasóra chun gnásanna córa é seo, cearta a chosnaítear leis an mBunreacht, Cairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
Is ábhar imní é freisin go ndéanann an Scéim Ghinearálta réamhriachtanas den mheasúnú ar na critéir i leith cónaí dlíthiúil agus gnáthchónaí chun dul ar aghaidh chuig measúnú breise ar incháilitheacht teaghlaigh ar thacaíocht tithíochta sóisialta. Go bunúsach, chuirfí cosc ar roinnt daoine iarratas a dhéanamh ar thacaíocht tithíochta sóisialta dá bharr sin.
I bhfianaise na gceisteanna suntasacha um chearta an duine agus comhionannas a tarraingíodh anuas, mholamar go léireodh an Stát an gá atá leis na tograí, agus luach na dtograí sin, agus go dtabharfaí breac-chuntas ar an gcaoi a gcinnteoidh sé nach mbeidh tionchar idirdhealaitheach ná díréireach ag na tograí ar ghrúpaí atá leochaileach go struchtúrtha. D’éilíomar freisin go leagfaí amach mar cheanglas reachtúil sa reachtaíocht sásra achoimre a bheadh foirmiúil, caighdeánaithe agus neamhspleách i leith cinntí faoi tithíocht shóisialta.
Dúirt Deirdre Malone, Stiúrthóir an Choimisiúin:
“Tá sé riachtanach, i rith géarchéim tithíochta, nach gcuirfeadh an Stát bacainní breise ar chuid de na daoine is leochailí inár sochaí atá ag déanamh iarratas ar thacaíocht tithíochta sóisialta.
Sula leantar ar aghaidh leis an reachtaíocht seo, iarraimid ar an Stát na cúinsí um chearta an duine agus comhionannas ar fad a d’eascródh as tabhairt isteach na reachtaíochta a scrúdú, agus gníomh a ghlacadh chun a chinntiú go gcosnaítear na cearta sin.”
Nasc chuig an tuairisc:
https://www.ihrec.ie//app/uploads/2024/06/Submission-to-the-Minister-for-Housing-Local-Government-and-Heritage-on-the-General-Scheme-of-the-Housing-Miscellaneous-Provisions-Bill-2024.pdf
CRÍOCH/
Nótaí d’Eagarthóirí:
Áirítear ar an liosta iomlán moltaí:
Maidir le ‘cónaí dlíthiúil agus gnáthchónaí’, molann an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Sula leantar ar aghaidh leis na tograí reachtacha, déanann an Stát na cúinsí um chearta an duine agus comhionannas a tharraingíonn na bearta a mholtar anuas a mheas.
- Caithfidh aon togra reachtach i leith rochtain ar thacaíochtaí tithíochta sóisialta oibleagáidí na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoi Dhualgas na hEarnála Poiblí faoi Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014 a chur san áireamh.
- I bhfianaise na gceisteanna suntasacha um chearta an duine agus comhionannas a tharraingíonn na tograí reachtacha anuas, caithfidh an Stát an gá atá leis na tograí, agus luach na dtograí sin, a léiriú ar dtús agus an chaoi a gcinnteoidh sé nach mbeidh tionchar idirdhealaitheach ná díréireach ag na tograí ar ghrúpaí atá leochaileach go struchtúrtha.
Maidir leis an easpa sásra achomharc, molann an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Leagtar amach mar cheanglas reachtúil sa reachtaíocht sásra achoimre a bheadh foirmiúil, caighdeánaithe agus neamhspleách i leith cinntí faoi tithíocht shóisialta.
Maidir leis an tionchar ar sheirbhísí easpa dídine, molann an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Leagann an Stát amach go soiléir sa reachtaíocht nach bhfuil an ceanglas chun cónaí dlíthiúil agus gnáthchónaí a chruthú i bhfeidhm ar iarratais ar sheirbhísí éigeandála faoi Acht na dTithe, 1988 chun aon fhadhb a sheachaint do dhaoine atá ag fáil cóiríocht éigeandála.
Maidir leis an réamhriachtanas don Mheasúnú ar Incháilitheacht le haghaidh Tithíocht Shóisialta, (Ceann 5(1)), molann an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Soiléirítear sa reachtaíocht go bhfuil an ceanglas i leith cónaí dlíthiúil agus gnáthchónaí ina chuid den mheasúnú foriomlán ar riachtanas tithíochta agus ní bheidh sé ina chritéar tosaigh nua, a gcaithfidh an t-iarratasóir a chomhlíonadh sular féidir iad a mheasúnú le haghaidh tithíocht shóisialta.
Maidir leis an gceanglas go mbeadh gach duine den teaghlach ina gcónaí go dlíthiúil agus ina ngnáthchónaí sa Stát, (Ceann 5(1)), molann an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Baintear an ceanglas go léireodh gach duine den teaghlach go bhfuil siad ina gcónaí go dlíthiúil agus ina ngnáthchónaí sa Stát.
Maidir le rochtain ar thacaíochtaí tithíochta sóisialta le haghaidh náisiúnaigh de chuid an Aontais Eorpaigh/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, (Ceann 5(2)), molann an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Baintear an bac iomlán ar gach saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch rochtain a fháil ar chúnamh tithíochta sóisialta i rith a gcéad trí mhí de bheith ina gcónaí in Éirinn ón reachtaíocht toisc nach gcomhlíonann sé dlí an Aontais Eorpaigh.
Maidir le cónaí ináirithe le haghaidh náisiúnaigh de chuid an Aontais Eorpaigh/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, (Ceann 5(3)), molann an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Caithfidh an Stát a chinntiú go mbeadh údar oibiachtúil agus réasúnta le haon difríocht sa chaoi a gcaitear le náisiúnaigh ó thríú tír bunaithe ar fhad cónaí agus/nó cead cónaí, caithfidh an difríocht aidhm dhlisteanach a shaothrú, agus caithfidh sí a bheith comhréireach leis an aidhm.
- Leasaítear an reachtaíocht chun a chinntiú nach mbeidh an ceanglas i leith cónaí ináirithe cúig bliana i bhfeidhm ar íospartaigh gáinneála ar bhealach a sháraíonn Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Frithgháinneáil.
Maidir le daoine a mheastar atá ina gcónaí anseo go dlíthiúil, (Ceann 5(5)), molann an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Leasaítear an reachtaíocht chun tuismitheoirí páistí ar saoránaigh AE iad a chur san áireamh ar an liosta de dhaoine a bhfuil ceart dlíthiúil cónaí acu má tá na páistí i mbun oideachais i mBallstát eile.
Maidir le cohóirt áirithe daoine a eisiamh, (Ceann 5(10)), molann an Coimisiún an méid seo a leanas:
- Soiléirítear sa reachtaíocht gur féidir brath ar chónaí sa Stát roimh stádas glactha a fháil don cheanglas i leith cónaí ináirithe cúig bliana ionas nach mbeidh tionchar díréireach ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta atá ag lorg cúnamh tithíochta.
Maidir leis an mainneachtain foráil do dhíolúintí i leith gnáthchónaí, molann an Coimisiún an méid seo a leanas:
ba cheart díolúintí a áireamh sa reachtaíocht i dtaobh an cheanglais i leith gnáthchónaí le haghaidh íospartaigh gáinneála agus íospartaigh foréigin baile, ghnéasaigh nó inscnebhunaithe.