D’fháiltigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC) inniu roimh fhoilsiú scrúdú Choiste GREVIO de chuid Chomhairle na hEorpa ar Éirinn, ina ndúradh nach bhfreastalaíonn soláthar cúnaimh dlí an Stáit ar an éileamh faoi láthair i measc íospartaigh an fhoréigin baile agus an fhoréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe.
D’fhoilsigh GREVIO (an Grúpa Saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean baile) a dtuarascáil inniu, i ndiaidh a gcéad athbhreithniú bonnlíne faoi Choinbhinsiún Iostanbúl, ar chuir an Coimisiún aighneachtaí mionsonraithe isteach lena aghaidh i mí na Nollag 2022.
D’admhaigh GREVIO a n-ábhair imní, agus d’éiligh ar an Stát a chinntiú go mbeadh cúnamh dlí in imeachtaí sibhialta níos inrochtana d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe, go háirithe tríd an tairseach ioncaim le haghaidh incháilitheachta a ardú. Anuas air sin, d’éiligh siad go gcuirfí leis an liosta ciontaí ar féidir cúnamh dlí a chur ar fáil saor in aisce d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe, ag cinntiú go gcuirtear ar fáil é chomh luath leis an gcéim tuairiscithe/fiosrúcháin. Inár moltaí féin, luamar teorainneacha an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil, go háirithe go gcuirtear cosc air ionadaíocht dhlíthiúil a chur ar fáil os comhair go leor comhlachtaí agus binsí gar-bhreithiúnacha a bhféadfadh íospartaigh agus marthanóirí an fhoréigin baile agus an fhoréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe a bheith ag plé leo agus iad ag dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann le leas sóisialach agus tithíocht.
Cuirimid fáilte mhór roimh mholadh na Tuarascála maidir leis an ngá atá le hathbhreithniú ar dhúnbhású teaghlaigh. Molann GREVIO don Stát córas a thabhairt isteach, ar nós sásra athbhreithnithe ar mharuithe foréigin baile, chun anailís a dhéanamh ar gach cás de mharú inscnebhunaithe ban, agus é d’aidhm leis iad a sheachaint sa todhchaí, ag cothú shábháilteacht na mban, agus déantóir na coire agus na gníomhaireachtaí ar fad a bhíonn ag plé leis na páirtithe a thabhairt chun cuntais.
Aontaímid le cinneadh GREVIO go gcaithfear níos mó a dhéanamh chun riachtanais ban faoi mhíchumas a phríomhshruthú i spriocanna agus cuspóirí an Tríú Straitéis Náisiúnta maidir le Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe, go háirithe toisc go bhfuil trí huaire níos mó seans ann go bhfulaingeoidh mná faoi mhíchumas in Éirinn foréigean baile agus go bhfulaingíonn siad éigniú, foréigean síceolaíochta agus foréigean páirtí phearsanta ag ráta i bhfad níos airde ná mná nach bhfuil faoi mhíchumas.
Áirítear ar mholtaí eile:
Maidir le Bailiú Sonraí: Chinn GREVIO go raibh bailiú sonraí a dhéanann gníomhaireachtaí Stáit chun deiridh go mór agus nach dtugtar pictiúr iomlán den fhoréigean baile, cineálacha eile foréigin in aghaidh na mban agus sonraí faoi íospartaigh. Chinn sé freisin go raibh na gníomhaireachtaí ag bailiú sonraí de réir a riachtanas féin, agus dá bhrí sin go raibh na tacair sonraí neamhsheasmhach agus nach bhféadfaí iad a chur i gcomparáid lena chéile. Mhol sé don Stát cainníochtú éifeachtach a dhéanamh ar líon na n-íospartach d’Institiúidí Mhaigdiléana agus Máithreacha agus Naíonán, Scoileanna Náisiúnta agus simfiseatóime, ach go seachnófaí riachtanais agus tréimhsí neamhréasúnta. Inár n-aighneacht, d’éilíomar gníomh práinneach an Stáit chun na sonraí imdhealaithe a bhailíonn agus a úsáideann an Garda Síochána a fheabhsú agus go n-oibríonn an Stát le páirtithe leasmhara chun bunachar sonraí cuimsitheach staitistiúil a fhorbairt ina bhfuil sonraí fónta ar an bhforéigean baile agus an foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe ó fhoinsí riaracháin difriúla.
Maidir leis an Tríú Straitéis Náisiúnta: D’fháiltigh an Grúpa roimh thabhairt isteach na Straitéise maidir le Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe agus a plean cur i bhfeidhm, anuas ar reachtaíocht nua a tugadh isteach ag féachaint le creataí dlí agus beartais an Stáit a ailíniú le Coinbhinsiún Iostanbúl. Luadh sa Tuarascáil áfach, ar feitheamh bhunú an chomhlachta nua comhordúcháin, gur cheart don Stát ‘comhordú, cur i bhfeidhm agus monatóireacht fhónta ar dhul chun cinn chur i bhfeidhm na Straitéise bunaithe ar shraith táscairí réamhshainithe’ a chinntiú. Molann GREVIO go láidir don Stát freisin, ar aon dul lenár n-aighneacht féin, iarrachtaí a dhéanamh prionsabal an chomhionannais a áireamh sa Bhunreacht agus aon fhoráil a bhuanaíonn steiréitíopaí inscne a bhaint. Luadh an bhearna idir beartais agus an reachtaíocht fhorásach a achtaíonn an Stát i gcomparáid leis an saol mar atá i ndáiríre, a dhéantar níos measa mar gheall ar fhorálacha sa Bhunreacht a bhaineann le ré eile.
Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:
“Tá foréigean in aghaidh na mban fós ag leibhéil ghéarchéime in Éirinn. Tá sé d’oibleagáid ar an Stát gach rud is féidir leis a dhéanamh chun mná agus cailíní a choinneáil sábháilte, inár bpobail agus inár n-áit chónaithe. Chun tuiscint níos fearr a fháil ar nádúr agus méid an fhoréigin in aghaidh na mban, teastaíonn sonraí níos fearr uainn. Tá frustrachas ag fás le cúpla bliain anuas faoi leibhéil scanrúla an fhoréigin baile agus an fhoréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe in Éirinn. D’éilíomar arís athbhreithnithe ar dhúnbhású teaghlaigh, agus an caighdeán is airde de bhailiú sonraí ionas gur féidir linn oibriú i dtreo cultúr nach nglacann beag ná mór le foréigean in aghaidh na mban in Éirinn.”Nótaí d’eagarthóirí: Is é GREVIO an comhlacht neamhspleách saineolaithe atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl). Tá ról GREVIO cosúil le ról Chomhlachtaí Conartha na Náisiún Aontaithe. Is é Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ar a dtugtar Coinbhinsiún Iostanbúl freisin, an chéad ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí a chruthaíonn creat dlí cuimsitheach chun foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní a chomhrac. D’oscail sé le haghaidh sínithe i mí na Bealtaine 2011. I ndiaidh daingniú 10 Stát is Páirtithe, tháinig sé i bhfeidhm i mí Lúnasa 2014. CRÍOCH/