Léim go dtí an t-ábhar
D’fháiltigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) roimh tharraingt siar na n-achomharc a chomhdaigh an Stát in aghaidh chinntí na Cúirte Oibreachais in 2023 a chinn go ndearna an Garda Síochána idirdhealú ar Ronald Boyle agus Brian Fitzpatrick ar an bhforas aoise. Rialaigh an Chúirt Oibreachais go ndearna an Garda Síochána idirdhealú ar an mbeirt fhear nuair a diúltaíodh rochtain ar fhostaíocht dóibh ar bhonn a n-aoise. In 2020, rialaigh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (“WRC”) go raibh na rialacháin a d’fhoráil d’uasaois 35 bliain d’earcú an Gharda Síochána idirdhealaitheach ar an bhforas aoise. Rinne an Stát achomharc in aghaidh an chinnidh sin leis an gCúirt Oibreachais, a rialaigh i bhfabhar Ronald Boyle agus Brian Fitzpatrick freisin. Chuir Coimisiún ionadaíocht dhlíthiúil ar fáil don bheirt fhear ina n-éilimh le WRC agus an Chúirt Oibreachais. I mí Dheireadh Fómhair 2023, d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee pleananna chun an teorainn aoise a ardú d’iontrálaithe nua Garda ó 35 go 50 bliain d’aois, agus d’oscail babhta nua d’earcaíocht do Ghardaí Dé Luain seo caite. Rinne Ronald Boyle agus Brian Fitzpatrick iarratas ar dhul isteach sa Gharda Síochána idir 2005 agus 2007, nuair a bhí siad 48 bliain d’aois agus 37 bliain d’aois faoi seach. Diúltaíodh don bheirt fhear dul isteach sa Gharda Síochána bunaithe ar rialacháin an Gharda Síochána, inar socraíodh an uasteorainn aoise d’iontráil mar oiliúnaí ag 35 bliain d’aois. Thug an beirt fhear gearáin os comhair an Bhinse Comhionannais (a bhíodh ann roimh an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre), ar an mbonn gur idirdhealú ar an bhforas aoise a bhí san uasteorainn aoise le dul isteach sa Gharda Síochána faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998, an reachtaíocht náisiúnta a thugann éifeacht do Threoir Réime an Aontais Eorpaigh maidir le hiompar comhionann san fhostaíocht. Cuireadh na cásanna bunaidh ar feitheamh, ar feitheamh roinnt dúshláin dhlíthiúla sna cúirteanna, agus ar deireadh tharchuir an Chúirt Uachtarach an cás chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Iarradh ar an gcúirt is airde san Aontas Eorpach a rialú an raibh sé d’údarás ag WRC, mar chomhlacht a bhfuil de chúram air éifeacht a thabhairt do dhlí an Aontais, gan dlí na hÉireann a thagann salach ar dhlí an Aontais a bhí ann cheana a chur i bhfeidhm. Dúradh i rialú cinniúnach na Cúirte Breithiúnais in 2018 go raibh an chumhacht sin ag WRC, agus mar gheall air sin, d’fhéadfadh cás na beirte fhear dul ar aghaidh. Tá feachtas náisiúnta ar bun ag IHREC faoi láthair, Ar son comhionannas do chách agus muid ag dul in aois, a thugann dúshlán mheonta na sochaí i leith na haoise, san fhostaíocht freisin. Dúirt Stiúrthóir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, Deirdre Malone:
“Fáiltímid roimh an scéala gur tharraing an Stát siar a achomhairc san Ard-Chúirt sna cásanna tábhachtacha seo a bhaineann le hidirdhealú ar bhonn aoise. Cruthaíonn cás Ronald agus Brian nár cheart go mbeadh aon ghlacadh le hidirdhealú ar bhonn aoise san ionad oibre in Éirinn na linne seo. I ndiaidh na mblianta fada a chaith siad ag troid in aghaidh an idirdhealaithe aoiseachais a d’fhulaing siad, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na fir as a ndúthracht agus gach rath a ghuí orthu amach anseo.”
CRÍOCH/ Nótaí chuig an Eagarthóir Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát. Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe. Faoina fheidhmeanna dlíthiúla a leagtar amach san Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, féadfaidh an Coimisiún, i gcúinsí áirithe, cabhair dhlíthiúil a sholáthar do dhuine a dteastaíonn uaidh cás a bhaineann le cearta an duine nó cóir chomhionann a thabhairt os comhair na gCúirteanna nó an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre. In Alt 40 den Acht, ciallaíonn “cabhair” aon cheann nó gach ceann acu seo a leanas:
  1. a) comhairle dhlíthiúil a sholáthar don iarratasóir, nó socrú a dhéanamh maidir lena soláthar don iarratasóir
  2. b) ionadaíocht dhlíthiúil a sholáthar don iarratasóir, nó socrú a dhéanamh maidir lena soláthar don iarratasóir
  3. c) cibé cabhair eile a sholáthar don iarratasóir is cuí leis an gCoimisiún sna himthosca