Léim go dtí an t-ábhar
Chuir Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’), Rapóirtéir Náisiúnta na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc, fáilte inniu roimh fhoilsiú an athbhreithnithe ar reachtaíocht a rinne coir as gnéas a cheannach. In Éirinn, ó 2013 go 2023, ba í gáinneáil chun dúshaothrú gnéasach a dhéanamh an fhoirm gáinneála ba mhó a braitheadh, agus chuaigh sí i bhfeidhm ar mhná agus cailíní den chuid is mó. Shonraigh an Coimisiún go bhfuil go dtí an 15 Iúil 2026 ag Éirinn chun reachtaíocht a thabhairt isteach chun go gcomhlíonfar Treoir Athmhúnlaithe an Aontais Eorpaigh maidir leis an gComhrac i gcoinne na Gáinneála ar Dhaoine a Neartú. Athraíonn nó coigeartaíonn an Treoir go mór forálacha Threoir 2011 ón Aontas Eorpach maidir leis an gComhrac i gcoinne na Gáinneála ar Dhaoine inar leagadh amach na híosrialacha chun cionta coiriúla agus pionóis ar an leibhéal náisiúnta a shainmhíniú. Tá roinnt de na forálacha neartaithe sin ábhartha don athbhreithniú, ina measc úsáid TFC mar imthoisc ghéaraitheach agus ceanglais éigeantacha don Stát i dtaobh bailiú sonraí agus tuairisciú.  Is tábhachtach go ndéantar éigeantach coir a dhéanamh d’úsáid eolach seirbhísí a chuireann íospartaigh na gáinneála ar fáil, beart tábhachtach i dtreo laghdú ar éileamh a bhaint amach. Aithníonn an Coimisiún fós luach na hairde breise ar thimpeallacht ardriosca thrádáil tráchtála an ghnéis a tharla de bharr thabhairt isteach Chuid IV den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017. Fáiltímid roimh an toradh go bhfuil gá le sonraí cruinne, tacaíochtaí cuimsitheacha agus oiliúint, sainaithint agus comhoibriú ilghníomhaireachta feabhsaithe.   I ndiaidh fhoilsiú an athbhreithnithe, d’éiligh an Coimisiún arís go gcuirfeadh an Stát tacaíochtaí leordhóthanacha agus cuí i bhfeidhm, chomh maith le maoiniú chun a chinntiú go bhfaigheann gach íospartach gáinneála sainchúnamh. Tá sé riachtanach go gcuirfí an cúnamh sin ar fáil beag beann ar a mbunús, náisiúntacht, stádas gan stát, stádas imirce nó éileamh ar Chosaint Idirnáisiúnta ar feitheamh. Mhol an Coimisiún roimhe seo go gcuirfeadh an Stát forálacha ábhartha an Achta um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2017 i bhfeidhm go réamhghníomhach, chun an t-éileamh a laghdú toisc go méadaíonn sé baol na gáinneála chun dúshaothrú gnéasach a dhéanamh, chomh maith le tacaíocht mhéadaithe le haghaidh conairí fágála do dhaoine a dtéitear i bhfeidhm orthu, íospartaigh fhéideartha na gáinneála ina measc. Caithfear a áireamh leis sin, ar a laghad: tacaíocht dhlíthiúil, síceolaíochta agus leighis; fáil ar chláir fágála; tithíocht éigeandála agus shóisialta; cúnamh airgeadais; stádas imirce tugtha chun rialtachta lena ngabhann an ceart chun oibre; agus fáil ar oiliúint agus fostaíocht. Molaimid arís freisin go mbeadh sonraí sonracha ar chúnamh agus tacaíochtaí d’íospartaigh na gáinneála, idir íospartaigh shainaitheanta agus daoine a thoimhdítear gur íospartaigh iad, i dTreoirlínte Oibríochta an tSásra Náisiúnta Atreorúcháin, a thuigtear dúinn atá le foilsiú go luath. Dúirt an Príomh-Choimisinéir Liam Herrick:
“Is mí-úsáid thromchúiseach ar chearta an duine í gáinneáil ar dhaoine, ar mhaithe le dúshaothrú gnéasach i measc cúiseanna eile, atá ag tarlú i mbailte agus i gcathracha ar fud na hÉireann agus caithfidh an Stát sásra éifeachtach a chur i bhfeidhm chun troid ina coinne agus í a chosc. Is léir go bhfuil dul chun cinn tábhachtach á dhéanamh chun cur chuige ilghníomhaireachta i leith na gáinneála ar dhaoine a chur i bhfeidhm; ach caithfidh an Stát an fód a sheasamh anois agus a chinntiú go mbeidh na tacaíochtaí ábhartha agus an maoiniú a theastaíonn chun an Treoir AE ábhartha a chomhlíonadh sna Treoirlínte Oibríochta a ghabhann leis an sásra sin.”
CRÍOCH Tá tuilleadh eolais ar fáil ó: Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide IHREC, 01 8592641 / 087 4687760 sarah.clarkin@ihrec.ie

Nóta don Eagarthóir:

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr measa ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a thógáil sa Stát. Mar chuid dá shainordú reachtúil, tá feidhm faoi leith ag an gCoimisiún oibriú chun idirdhealú a dhíchur.