Léim go dtí an t-ábhar
Tá Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ag éileamh athbhreithniú ar na tiomantais do chóiríocht teifeach a dtugtar breac-chuntas orthu sa Tríú Straitéis Náisiúnta maidir le Foréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe (FBGIB), agus muid den tuairim gur cheart é sin a dhéanamh ag féachaint le cumas a leathnú ionas gur féidir caighdeáin Chomhairle na hEorpa a chomhlíonadh i leith cosaint marthanóirí agus íospartach a chinntiú. Bhí na héilimh sin inár mBreithnithe Reachtaíochta ar Scéim Ghinearálta an Bhille um an nGníomhaireacht um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe, a cuireadh faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt. Tá FBGIB ar an bpríomhchúis a mbíonn mná agus páistí gan dídean in Éirinn. Geallann an Straitéis 280 spás tearmainn a sholáthar faoi láthair, líon atá i bhfad níos lú ná an 675 spás a theastaíonn chun treoirlínte Chomhairle na hEorpa a chomhlíonadh. Léiríonn sonraí comhaimseartha gur mar gheall ar fhadhbanna acmhainní is mó a dhiúltaítear do mhná a lorgaíonn tearmann. Luadh inár nAighneacht má theiptear ar an Stát rochtain a sholáthar ar chosaint láithreach go sárófar a thiomantais idirnáisiúnta faoi Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac. Foráladh i Scéim Ghinearálta an Bhille do bhunú gníomhaireachta reachtúla nua chun FBGIB a chomhrac. Leagtar amach freagrachtaí na Gníomhaireachta sin, lena n-áirítear cur i bhfeidhm an Tríú Scéim Náisiúnta, monatóireacht ar an méadú beartaithe ar líon na spásanna tearmainn atá ar fáil do mharthanóirí agus íospartaigh, agus cabhrú le forbairt fhadtéarmach struchtúr buan chun níos mó cóiríocht tearmainn a sholáthar. Inár nAighneacht, d’éilíomar gníomhaireacht a bheadh bunaithe ar íospartaigh agus marthanóirí a chosnódh comhionannas agus cearta daonna na ndaoine sin a soláthróidh sí seirbhísí dóibh, agus a chinnteodh go gcuireann an soláthar sin a riachtanais shonracha san áireamh. Áirítear leo siúd grúpaí atá leochaileach go struchtúrtha, ina measc mná, cailíní, mná scothaosta, mná eitneacha mionlaigh, mná imirceacha, mná ón Lucht Siúil agus Romacha, mná faoi mhíchumas, mná LADT+, íospartaigh gáinneála, mná a bhfuil fadhbanna andúile acu agus mná i mbun striapachais (agus atá á fhágáil). Mar Rapóirtéir Náisiúnta neamhspleách na hÉireann um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc, d’éilíomar arís go mbunófaí sainsaoráidí cóiríochta le haghaidh íospartaigh agus mharthanóirí na gáinneála agus i bhfianaise thréith inscneach na gáinneála, gur cheart don chóiríocht a bheith inscne-íogair, oiriúnach agus sábháilte. Aithnítear gáinneáil chun críocha dúshaothrú gnéasach mar fhoréigean inscnebhunaithe sa Tríú Straitéis Náisiúnta maidir le FBGIB. Dá réir, caithfidh an Ghníomhaireacht FBGIB tacú le híospartaigh agus marthanóirí an dúshaothraithe ghnéasaigh agus iad a chur san áireamh; ar mná imirceacha líon díréireach díobh. Tá easnamh ionaid dídine inscneshonracha in Éirinn ag cruthú baol breise díobhála, athgháinneála agus tuilleadh íospartha. Glactar le soláthar tithíochta sábháilte agus cuí go hidirnáisiúnta mar ghné lárnach i dtéarnamh íospartaigh, mar dhuine ar leith agus chun tacú leo in aon imscrúdú coiriúil nó ionchúiseamh. Tá úsáid na cóiríochta Soláthair Dhírigh le haghaidh íospartaigh agus mharthanóirí na gáinneála cáinte go láidir ag GRETA, an tsochaí shibhialta, Tuarascálacha Eagraíocht na Náisiún Aontaithe um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus Roinn Stáit SAM. Tarraingíodh aird inár nAighneacht freisin ar an tábhacht a bhaineann le bailiú córasach leordhóthanach sonraí imdhealaithe, ní hamháin chun chomh forleathan agus atá FBGIB a thaifeadadh, ach chun bonn eolais a chur faoin gcreat dlí agus beartais a bhaineann leis an ábhar seo. Cé go bhforáiltear sa Scéim Ghinearálta go dtabharfaidh an Ghníomhaireacht faoi thionscadail taighde agus meastóireacht, is cosúil go bhfuil siad siad sin teoranta d’fhaisnéis staidrimh a bhaineann le pleanáil seirbhísí. Molaimid go rachadh an sainchúram níos faide ná sin, agus gur cheart don Ghníomhaireacht a bheith freagrach as bunachar sonraí staidrimh cuimsitheach a fhorbairt agus a mhaoirsiú, ina mbeadh sonraí fónta de réir oibleagáidí an Stáit faoi Airteagal 11 de Choinbhinsiún Iostanbúl. Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:
“Tá bunú Gníomhaireachta nua reachtúla lárnaí ina chéim riachtanach i dtreo na neamhfhulaingthe ar FBGIB. Tá sé riachtanach go bhfoghlaimítear ó iarrachtaí a rinneadh roimhe seo agus go mbeadh an neamhspleáchas, an maoiniú agus an saineolas agus taithí chuí ag an nGníomhaireacht seo chun fíorathrú a bhaint amach. Ag croí a feidhme teastaíonn cur chuige atá bunaithe ar riachtanais íospartach agus marthanóirí, grúpaí atá leochaileach go struchtúrtha ina measc. Áirítear leis sin cóiríocht tearmainn agus seirbhísí tacaíochta atá cuí, sábháilte agus inrochtana a sholáthar de réir ár gceanglas idirnáisiúnta.”
/CRÍOCH Nótaí d’Eagarthóirí: Tá ár nAighneacht ar fáil ar: https://www.ihrec.ie/documents/submission-on-the-general-scheme-of-the-domestic-sexual-and-gender-based-violence-agency-bill/  Áirítear i measc na bpríomh-mholtaí ónár nAighneacht: Maidir le Rannpháirtíocht: Caithfidh an Ghníomhaireacht a bheith in ann rannpháirtíocht bhríoch a dhéanamh le páirtithe leasmhara ábhartha, ina measc an tsochaí shibhialta, an earnáil phoiblí agus dheonach atá páirteach i soláthar seirbhísí, páistí agus daoine óga, agus íospartaigh agus marthanóirí. Maidir le Rialachas: Ba cheart go gcuimseodh ballraíocht bhord na Gníomhaireachta daoine ag a bhfuil an taithí, an saineolas agus an tuiscint ábhartha ar FBGIB, ina measc íospartaigh agus marthanóirí, agus ba cheart go ndéanfaí féinmheasúnú bliantúil ar an mbord. Ba cheart go n-ainmneofaí duine i ról an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin trí chomórtas cothrom agus trédhearcach. Molaimid freisin go n-áireofaí ceanglas go ndéanfaí meastóireacht bhliantúil féinmheasúnaithe ar fheidhmíocht an Bhoird, ina measc machnamh ar an gcothroime idir scileanna, taithí, neamhspleácha agus eolas ar an mBord, agus a éagsúlacht. Maidir le Cúrsaí Foirne: Go leasófaí an dréacht-reachtaíocht chun go mbeadh iarrthóirí seachtracha incháilithe chun bheith ina mball d’fhoireann na Gníomhaireachta agus go gcuirfí fo-alt breise isteach chun foráil a dhéanamh go mbeadh an taithí, na cáilíochtaí nó an saineolas ábhartha sin atá cuí ag féachaint d’fheidhmeanna sonracha na Gníomhaireachta ag an bhfoireann a cheaptar don Ghníomhaireacht. Teastaíonn na moltaí sin chun a chinntiú go bhfuil neamhspleáchas ag an nGníomhaireacht i gcúrsaí foirne agus nach bhfuil srian uirthi maidir le hiarrthóirí féideartha a fhostú ag a bhfuil an saineolas agus an taithí riachtanach ó Ranna Rialtais eile, comhlachtaí poiblí, eagraíochtaí sochaí sibhialta, soláthraithe seirbhísí túslíne, soláthraithe seirbhísí deonacha, íospartaigh agus marthanóirí, agus daoine ó earnálacha ábhartha eile. Maidir le Beartas: Chun cur chuige leanúnach i leith bheartas agus sholáthar seirbhíse FBGIB a chinntiú, ba cheart go mbeadh sé d’acmhainn ag an nGníomhaireacht beartas a chruthú ar leithligh ón Aire. Maidir le Dualgas na hEarnála Poiblí: Mar chomhlacht poiblí, beidh ceangal ó thaobh dlí de ar an nGníomhaireacht cloí le hoibleagáidí reachtúla faoi Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine, ach ní dhéantar aon tagairt d’Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014. Rinneamar moltaí eile faoi cheanglais na Gníomhaireachta nua faoi Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine, ina measc an gá atá le plean corparáideach ina leagtar amach measúnú ar na ceisteanna um chearta an duine agus um an gcomhionannas a chreideann an Ghníomhaireacht atá ábhartha d’fheidhmeanna agus do chuspóir na Gníomhaireachta, agus na beartais, na pleananna agus na gníomhartha atá i bhfeidhm nó a bheartaítear a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna sin. Maidir le Maoiniú: Chun cabhrú le pleanáil straitéiseach agus cuíchóiriú sholáthar seirbhísí FBGIB sna comhlachtaí poiblí, teastaíonn maoiniú marthanach, ilbhliantúil, imfhálaithe atá seasmhach i leith an chomhionannais ó thaobh buiséid chun an Straitéis Neamhfhulaingthe a chur i bhfeidhm. San Aighneacht seo, molaimid go leasófaí an dréacht-reachtaíocht chun a fhoráil go gcuirfear maoiniú ar fáil ar bhonn ilbhliantúil chun soláthar éifeachtach na seirbhísí ó sholáthraithe seirbhísí a chinntiú.  Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le: Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide IHREC, 01 8592641 / 087 4687760 sarah.clarkin@ihrec.ie Lean muid ar twitter @_IHREC Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát. Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe.