Léim go dtí an t-ábhar

Éilíonn an Coimisiún go mBunófaí Aonad Náisiúnta Pleanála le haghaidh Cúraim

D’fhoilsigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) a ráiteas beartais ar Chúram inniu. Tá sé d’aidhm lenár ráiteas beartais, ina bhfuil os cionn 40 moladh, eolas a thabhairt don Rialtas, don Oireachtas agus don earnáil phoiblí i gcoitinne faoi na caighdeáin um chearta an duine agus comhionannas atá ábhartha agus ag teacht chun cinn i soláthar oibre cúraim, idir íoctha agus gan phá, agus dóibh siúd a bhaineann leas as seirbhísí cúraim. Beidh gach duine againn ag tabhairt agus ag fáil cúraim i rith ár saoil, mar sin ba cheart go mbeadh rochtain uilíoch ar raon seirbhísí cúraim d’ardcháilíocht á ráthú ag an Stát. Molaimid go mbunódh an Stát Aonad Náisiúnta Pleanála le haghaidh Cúraim. Ba cheart don Aonad sin maoirsiú a dhéanamh ar gach gné de phleanáil agus cur i bhfeidhm an chúraim, riachtanais reatha agus amach anseo an chúraim ó thús deireadh an tsaoil ina measc, mar a d’éiligh an Comhchoiste Oireachtais um Chomhionannas Inscne. Tá aistriú i mbeartais agus luachanna na sochaí i dtreo aitheantas a thabhairt don chúram mar leas poiblí, le tacaíocht ó airgead poiblí, riachtanach. Tá maoiniú na hearnála cúraim príobháidí-brabúsaí tar éis ‘táirge’ a dhéanamh den chúram, rud a bhaineann a thréith chaidrimh. Tá iarracht a dhéanamh brabús a shaothrú ó chúram ag dul in aghaidh a luachanna, agus léirítear i dtaighde go mbíonn an caighdeán cúraim san earnáil a dhéanann brabús níos measa le himeacht aimsire. Dá dhroim sin, molaimid go dtabharfadh an Stát tús áite do dhíphríobháidiú na seirbhísí cúraim trí infheistiú i mbonneagar cúraim neamhbhrabúis a mhaoinítear go poiblí, ina measc samhlacha comharchumainn agus fiontair shóisialta, agus go gcinntítear aistriú inbhuanaithe seirbhísí de réir a chéile. Ba cheart go ndéanfaí beartais agus cláir cúraim seasmhach i leith chearta an duine agus comhionannais i gcomhpháirtíocht le grúpaí atá leochaileach go struchtúrtha. Chinnteodh sé sin go dtugtar aghaidh ar idirdhealú trasnach agus toimhdí leabaithe. Mar shampla, creidtear go coitianta gur faighteoirí éighníomhacha cúraim iad daoine atá faoi mhíchumas, cé gur cúramóirí iad féin go minic do dhaoine muinteartha leo agus do dhaoine eile sa phobal. Tá ceart chun maireachtáil go neamhspleách ag daoine faoi mhíchumas, a áiríonn ceart chun cúnamh pearsanta mar a leagtar amach i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD). Caithfear breathnú ar an gcúnamh pearsanta agus ar an gcúram astu féin agus molaimid go mbeadh a bheartais agus a leithdháiltí buiséid féin ag an gcúnamh pearsanta. Tá noirm inscne a athrú riachtanach chun a chinntiú go ndáiltear an obair chúraim go cothrom. Caithfidh scéimeanna sochair máithreachais, aithreachais agus tuismitheoireachta a bheith sách maith i dtéarmaí faid agus an ráta íocaíochta; ní fhéadfaidh siad a bheith in-aistrithe chun roinnt na bhfreagrachtaí a spreagadh; agus caithfear iad a chomhordú le beartais Oideachais agus Cúraim Luath-Óige chun deireadh a chur le tréimhsí nuair nach bhfuil saoire le pá ná cúram leanaí inacmhainne ar fáil. Go háirithe, bíonn dúshláin an-deacair os comhair teaghlaigh aon tuismitheora in Éirinn, agus tá sé riachtanach go mbeadh na scéimeanna sin i bhfeidhm go cothrom ar theaghlaigh aon tuismitheora. Agus an Stát ag iarraidh an Straitéis Eorpach um Chúram a chur i bhfeidhm, mar a gceanglaítear ar Éirinn Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chúram Fadtéarmach a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh faoi dheireadh 2023, tá sé tábhachtach go ndírítear ar dhúshláin a bhaineann go sonrach le hÉirinn, ina measc ár ndaonra atá ag dul in aois agus ár ndroch-ghéarchéimeanna tithíochta agus costais maireachtála. Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:
“Tá cúram ina chuid lárnach de shochaí chothrom agus ionchuimsitheach a fheidhmíonn mar is cuí. Caithfidh an Stát aistriú cultúrtha a stiúradh, trí aitheantas a thabhairt don mhéid a bhraitheann sé ar an obair chúram gan phá agus thearc-íoctha a dhéanann mná, agus caithfidh sé gníomh spriocdhírithe a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar a theipeanna féin agus róil agus freagrachtaí cúraim a athdháileadh go cothrom agus luach a léiriú air.”
Áirítear ar Mholtaí eile: Maidir le patrúin inscneacha an chúraim:
  • Go dtabharfadh an Stát faoi thaighde ar bhreisluach geilleagrach agus sóisialta an chúraim gan phá, as a n-eascródh comhtháthú na hoibre cúraim gan phá le taifeadadh agus samhaltú geilleagrach níos leithne ar fud na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha.
  • Go dtabharfaí tús áite i gcumarsáid, oideachas agus beartas inscne-íogair d’ollchóiriú ar steiréitíopáil dhaingean ar bhonn inscne agus luachanna cultúrtha patrarcacha, baineannú an chúraim ina measc.
Maidir le trasnachas agus cúram:
  • Go méadódh an Stát taighde agus bailiú sonraí, trí aitheantóirí eitneacha agus eile ina measc, maidir le héagsúlacht cúramóirí i róil íoctha agus gan phá, chun bonn eolais a chur faoi bhearta spriocdhírithe a dhíríonn ar a rochtain ar obair chuibhiúil agus cothroime gheilleagrach a chinntiú.
Maidir le príobháidiú agus tráchtálú an chúraim:
  • Nuair a chuireann an Stát a oibleagáidí chun seirbhísí cúraim a sholáthar ar fochonradh le gníomhaithe neamh-Stáit, go mbeadh comhlíonadh Dhualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine i ngach comhaontú conarthach, lena n-áirítear próisis soláthair agus comhaontuithe leibhéal seirbhísí.
  • Go dtabharfadh an tAonad Náisiúnta Pleanála a bheartaítear faoi chleachtadh mapála ar an mbonneagar agus na seirbhísí cúraim atá ann faoi láthair chun anailís bhearna a bhunú, go háirithe i dtaobh bacainní ar rochtain mar gheall ar shuíomh tíreolaíoch agus cúinsí geilleagracha.
Maidir le hinfheistíocht an Stáit i seirbhísí poiblí:
  • Go dtabharfadh an Stát tús áite d’infheistíochtaí i dtacaí agus seirbhísí poiblí, trí éifeachtúlacht agus cuntasacht an chaiteachais phoiblí agus cánachas forásach agus cothrom a mhéadú.
Maidir le daoine faoi mhíchumas:
  • Go dtabharfadh an Stát tacaíocht agus acmhainní go gníomhach do dhaoine faoi mhíchumas chun go mairfidh siad go neamhspleách, ina measc tacaíochtaí airgeadais dírithe ar an duine a sholáthar, ceart dlí chun cúnamh pearsanta, agus seirbhísí rianúla agus solúbtha ó thús deireadh an tsaoil. Caithfear ceart daoine faoi mhíchumas na seirbhísí tacaíochta a fhreastalóidh ar a riachtanais féin a ordú agus a roghnú a aithint freisin, de réir UNCRPD.
Is féidir teacht ar cháipéis bheartais IHREC maidir le Cúram ar: https://www.ihrec.ie/app/uploads/2023/07/Policy-Statement-on-Care.pdf https://www.ihrec.ie/documents/policy-statement-on-care/