Reachtaíocht RFC
Le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2014 (I.R. Uimh. 133 de 2007, I.R. Uimh. 662 de 2011, I.R. 615 de 2014 agus I.R. 309 de 2018) (dá ngairtear Rialacháin RFC díobh feasta), tugtar cearta dlíthiúla dóibh siúd a lorgaíonn rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol ó údaráis phoiblí.
Tháinig na Rialacháin sin i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2007, lenar aisghaireadh an reachtaíocht a bhí ann roimhe, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 1998. Rinne athbhreithniú breise ar na rialacháin sin le I.R. 662 de 2011, I.R. 615 de 2014 agus I.R. 309 de 2018.
Faoi na rialacháin sin, caithfear faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá ag údarás poiblí, nó le haghaidh údarás poiblí, a chur ar fáil ach í a iarraidh, faoi réir eisceachtaí áirithe. Le Rialacháin RFC freisin, cuirtear d’oibleagáid ar údaráis phoiblí a bheith réamhghníomhach maidir le faisnéis faoin gcomhshaol a scaipeadh ar an bpobal.
Soláthraíonn na Rialacháin sainmhíniú ar fhaisnéis faoin gcomhshaol; leagann siad amach an chaoi ar cheart iarratais ar fhaisnéis a chur faoi bhráid údaráis phoiblí agus an chaoi a bhfuil sé de cheangal ar údaráis phoiblí déileáil le hiarratais m.sh. frámaí ama le haghaidh freagairtí. Foráiltear leis na Rialacháin do nós imeachta achomhairc foirmiúil freisin i gcás ina mbeidh duine míshásta le cinneadh faoina n-iarratas.
Ba cheart cónascadh na gceithre phíosa reachtaíochta sin a léamh le chéile mar aon phíosa reachtaíochta amháin, agus féadfar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2018 a ghairm díobh.
Difríocht idir iarratas maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus iarratas um Shaoráil Faisnéise
Oibríonn na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol go comhthreomhar leis an Acht um Saoráil Faisnéise, 2014. Cé go bhfuil an dá chód reachtaíochta mórán mar a chéile (i leith na faisnéise comhshaoil), ní hionann Rialacháin RFC agus na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise sa mhéid go gcumhdaítear raon níos leithne d’údaráis phoiblí le Rialacháin RFC ná mar a chumhdaítear leis an reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise. Tá difríochtaí ábhartha ann freisin maidir leis na forais faoinar féidir diúltú do rochtain ar fhaisnéis faoin dá chód reachtaíochta.
Ba cheart Iarratais ar Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a dhéanamh chuig foi@ihrec.ie
Seoladh: An tAonad um Shaoráil Faisnéise, Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 16-22 Sráid na Faiche, Baile Átha Cliath 7, D07 CR20
Nuair a bheidh iarratas ar fhaisnéis á dhéanamh agat faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, beidh ort an méid seo a leanas a dhéanamh:
- A lua go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi Rialacháin RFC
- É a chur isteach i scríbhinn ar ríomhphost nó ar an bpost
- Do shonraí teagmhála a sholáthar
- Cineál agus meán na rochtana is mian leat a shonrú
De ghnáth, cuirfear an cinneadh maidir le d’iarratas in iúl duit laistigh de mhí amháin tar éis dúinn é a fháil. Má tharlaíonn sé, mar gheall ar chastacht nó ar an méid faisnéise atá riachtanach, nach mbeimid in ann freagairt faoi cheann mí amháin, ní mór dúinn scríobh chugat laistigh den mhí, agus a thabhairt le fios duit cathain a eiseofar freagairt. Níor cheart go mbeadh an dáta sin níos faide ná dhá mhí ón dáta a bhfuarthas an t-iarratas bunaidh.
Má chreideann tú gur diúltaíodh (go hiomlán nó go páirteach) do d’iarratas ar fhaisnéis faoin gcomhshaol, nó má chreideann tú nár déileáladh leis de réir Rialacháin RFC, féadfaidh tú a iarraidh ar IHREC athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar an gcinneadh, go páirteach nó go hiomlán, ach ríomhphost a sheoladh chuig foi@ihrec.ie . Caithfidh tú an t-athbhreithniú sin a iarraidh laistigh de mhí amháin ón uair a fhaigheann tú cinneadh. Déanfaidh ball foirne an t-athbhreithniú, ar duine é nach mbeidh nasctha leis an gcinneadh bunaidh, agus a bheidh ar comhchéim nó ar chéim níos airde ná an duine a rinne an cinneadh bunaidh.
Ní ghearrfar aon táille ort as an bpróiseas don athbhreithniú inmheánach.
Laistigh de mhí amháin tar éis dúinn d’iarratas ar athbhreithniú a fháil, scríobhfaimid chugat chun thú a chur ar an eolas faoin gcinneadh agus faoin gcúis leis an gcinneadh. Cuirfimid ar an eolas thú faoi do cheart chun achomhairc a chur faoi bhráid an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil.
Ba cheart achomharc scríofa a chur faoi bhráid an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil ag:
Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil,
6 Ardán Earlsfort,
Baile Átha Cliath 2,
D02 W773.
Guthán: 01-6395689
Tá tuilleadh sonraí teagmhála agus faisnéise faoi Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (OCEI)
Forálann Rialacháin RFC go gcaithfear táille €50 a ghearradh as achomharc a chur faoi bhráid an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil. Mar sin féin, déantar foráil freisin maidir le táille achomhairc laghdaithe ar €15 do shealbhóirí cártaí leighis agus a gcleithiúnacha agus freisin do dhaoine, nach páirtí iad san iarratas bunaidh ar rochtain ar fhaisnéis, a bhfuil achomharc á dhéanamh acu in aghaidh cinneadh faisnéis a scaoileadh, rud a rachaidh i bhfeidhm orthu féin dar leo.