Tuairisc faoi alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014
Foráiltear le halt 42(1) den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014:
Le linn do chomhlacht poiblí a fheidhmeanna a chomhlíonadh, beidh aird aige ar an ngá atá leis na nithe seo a leanas:
- an t-idirdhealú a dhíbirt;
- comhionannas deiseanna agus córa dá fhoireann agus do na daoine dá soláthraíonn sé seirbhísí a chur chun cinn; agus
- cearta daonna a chomhaltaí, a fhoirne agus na ndaoine a gcuireann sé seirbhísí ar fáil dóibh a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh.
Inár gcás féin, tá cosaint agus cur chun cinn chearta an duine agus an chomhionannais, agus idirdhealú a dhíbirt, ag croílár ár bhfeidhmeanna agus ár gcuspóra.
Faoi Dhualgas reachtúil seo na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine, ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí Measúnú, Aghaidh a thabhairt ar agus Tuairisciú ar an gcaoi a gcuimsíonn siad comhionannas agus cearta an duine ina gcuid oibre.
Inár Ráiteas Straitéise 2022-2024, chuireamar measúnú i láthair ar shaincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas a chreideamar atá ábhartha dár bhfeidhmeanna agus dár gcuspóir.
Is iad seo a leanas na forbairtí agus na héachtaí maidir leis na beartais, na pleananna agus na gníomhartha a cuireadh i bhfeidhm i rith 2023 chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas a mheasúnaíomar a bheith ábhartha dár bhfeidhmeanna agus dár gcuspóir.
Forbrófar gníomhartha eile chun dul chun cinn a dhéanamh ar na cuspóirí sin i rith an timthrialla straitéisigh seo, agus tuairisceofar orthu in am trátha.
Inrochtaineacht
Tá infhaighteacht ár seirbhísí a mhéadú de réir a chéile ina thosaíocht lárnach arís dúinn le linn an timthrialla straitéisigh. I mí na Nollag, cheapamar oifigigh rochtana faoi na réimsí Rochtain ar an bhFoirgneamh Fisiciúil, Rochtain ar ár Suíomh Gréasáin agus Rochtain ar ár Seirbhísí, chomh maith le beirt Oifigeach Idirchaidrimh Do Dhaoine Faoi Mhíchumas chun cabhrú le baill foirne le freastal réasúnta.
Chomh maith le spás imeachtaí atá inrochtana go hiomlán, d’uasghrádaíomar ár dtrealamh TFC i rith na bliana chun imeachtaí cumaisc a éascú, rud a leathnaigh ár n-inacmhainneacht a chur ar chumas daoine nach mbeadh in ann taisteal freastal ar ár n-imeachtaí.
Faisnéis faoi chearta a chur in iúl ar bhealach níos forleithne le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann
Is gnáthchleachtas é go mbíonn fotheidil agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) ar gach físeán a dhéanaimid, agus d’fhorbraíomar treoirlínte faoi úsáid TCÉ ag imeachtaí. Thug roinnt den fhoireann faoi ranganna TCÉ do thosaitheoirí ar Leibhéal 3 de QQI, agus tá cúpla duine ag tabhairt faoi ranganna idirmheánacha.
Faisnéis faoi chearta a chur faoi bhráid grúpaí a bhíonn i mbaol ar leith
D’éascaíomar clár for-rochtana i gcaitheamh na bliana le heagraíochtaí sochaí sibhialta a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine a bhfuil cearta acu ar fud na bhforas comhionannais.
Áiríodh orthu sin:
- seisiún faisnéise faoi chaighdeáin chearta an duine agus comhionannais, a cuireadh ar fáil do bhaill d’eagraíocht Lucht Siúil sa lár tíre, i gcomhar le Community Action Network
- seisiún faisnéise dlí le haghaidh ionadaithe ón tsochaí shibhialta faoi raon ceisteanna a bhaineann leis an dlí comhionannais, ina measc: cásanna a thabhairt chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre; cosaintí dlíthiúla faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta agus na hAchtanna um Stádas Comhionann; cearta daoine atá faoi mhíchumas i leith freastal réasúnta san fhostaíocht agus nuair atá seirbhísí á bhfáil; agus an chaoi le dul i ngleic le hidirdhealú inscne san ionad oibre.
D’éascaíomar imeacht oiliúna forbartha gairmiúla leanúnaí freisin le haghaidh an lucht dlí dar teideal ‘A Practitioner’s Guide to the Rights of Families at Inquests’, chun deis níos fearr a thabhairt do theaghlaigh a gcearta a éileamh i rith an phróisis ionchoisne, i ndiaidh dúinn ár Nóta Faisnéise faoi cheart teaghlach ag ionchoisní a fhoilsiú in 2022. I rith an imeachta, pléadh na saincheisteanna praiticiúla a mbíonn ar chróinéirí, cleachtóirí agus teaghlaigh go háirithe dul i ngleic leo le linn ionchoisne.
Faisnéis a chur ar fáil i mBéarla Simplí
Tairgeadh oiliúint i mBéarla simplí don fhoireann ar fad. Chuireamar obair shuntasach i gcrích ar thuilleadh faisnéise a chur ar fáil faoi chearta i mBéarla simplí trí bhileoga eolais i mBéarla simplí a chur i dtoll a chéile faoi 16 ábhar ceart dhifriúla, chomh maith le faisnéis faoin gcaoi le cás a chur faoi bhráid CCÁO.
Aghaidh a thabhairt ar eisiamh digiteach
D’fhorbraíomar agus léiríomar feachtas náisiúnta faoin aoiseachas ina raibh teachtaireachtaí faoi eisiamh digiteach.
Tá ár Seirbhís Faisnéise Do Chearta ar fáil go fóill ar an nguthán agus sa phost, chomh maith le ar líne.
Ár Suíomh Gréasáin
D’fhoilsíomar ráiteas inrochtaineachta nua don suíomh gréasáin ar ár suíomh chun Rialacháin Inrochtaineachta AE a chomhlíonadh, agus d’fhreastalaíomar ar sheisiúin oiliúna éagsúla a d’eagraigh an tÚdarás Náisiúnta Míchumais chun cabhrú linn an treoir maidir le hinrochtaineacht gréasáin a chomhlíonadh.
Thugamar faoi oiliúint inrochtaineachta faoi cháipéisí digiteacha ar leith, i dteannta ár ndearthóirí ar conradh, faoin gcaoi le feabhas a chur ar inrochtaineacht ár gcáipéisí in-íoslódáilte a bhíonn ar fáil tríd an suíomh gréasáin.
Cumas an lucht bainistíochta a fhorbairt chun dul i ngleic le saincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas san ionad oibre
Éilítear ar an bhfoireann ar fad tabhairt faoinár modúl ríomhfhoghlama faoi chomhionannas agus cearta an duine sa tseirbhís phoiblí. Chuir cúigear ball foirne Dioplóma an Fhorais Riaracháin i gCearta an Duine agus Comhionannas i gcrích i rith na bliana, agus chuir ceathrar eile tús leis ag tús na bliana acadúla.
Tairgeadh oiliúint Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe don fhoireann ar fad agus chuir triúr ball foirne Teastas in Éagsúlacht agus Ionchuimsiú i gcrích.
Thug baill foirne faoi raon cúrsaí oiliúna i gceannaireacht ionchuimsitheach, cóitseáil agus teacht aniar eagraíochtúil freisin.