Léim go dtí an t-ábhar

Tá IHREC faoi réir na Rialachán maidir le Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid, 2005 (I.R. Uimh. 279 de 2005)

Ráiteas Beartais ar Shonraí a Eisiúint

Féadfar faisnéis ar an suíomh gréasáin seo a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce gan iarratas, seachas i gcás na n-eisceachtaí seo a leanas:

  • Grianghraif agus saothar ealaíne de chineál ar bith;
  • Cáipéisí, tuarascálacha, bileoga eolais nó faisnéis eile nach é an Coimisiún a n-údar.

Is dóchúil go mbeadh cearta maoine intleachtúla i gceist le haon ábhar a chuireann tríú páirtí ar fáil, naisc chuig suíomhanna gréasáin eile ón suíomh seo san áireamh. Caithfear cead cóipeála nó úsáide d’aon ábhar dá leithéid a fháil ó shealbhóir an chirt maoine intleachtúla.

Tabhair faoi deara nach féidir faisnéis ná cáipéisí a fhaightear ón suíomh gréasán seo a atáirgeadh agus/nó a athúsáid ach faoi réir an cheadúnais PSI is deireanaí, atá ar fáil ar http://www.psi.gov.ie.

I gcás sonraí eile ar leis an gCoimisiún iad agus nach bhfuil ar fáil mar a leagtar amach thuas, féadfar iarratas i scríbhinn a dhéanamh orthu le:

Ailish Farrelly
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
16-22 Sráid na Faiche, Baile Átha Cliath 7
Ríomhphost: info@ihrec.ie

Caithfear iarratas a dhéanamh ar cháipéisí a eisiúint le haghaidh athúsáide, agus caithfear a shonrú go soiléir ann gur iarratas ar fhaisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid atá i gceist. Pléitear aicmí sonraí/taifead a choinníonn Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas sa Lámhleabhar um Shaoráil Faisnéise – Alt 15 de chuid an Choimisiúin.

Cuirfimid sonraí a chumhdaítear sna Rialacháin ar fáil i bhformáid nó teanga atá ann cheana féin, agus mar sin amháin.

Chomh maith leis na sonraí a chosnaítear le cearta maoine intleachtúla, ní fhoráiltear sna Rialacháin d’eisiúint sonraí ná faisnéise pearsanta a chosnaítear faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ní cheadaíonn na Rialacháin eisiúint faisnéise ar bhealach a bhfuil cosc air le dlí.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bhfaisnéis a choinníonn an Coimisiún a athúsáid, téigh i dteagmháil le: Oifigeach Faisnéise na Seirbhíse Poiblí.

Ní leagtar aon oibleagáid orainn leis na Rialacháin cáipéisí a eisiúint le haghaidh athúsáide. Mar sin féin, beidh aon fhaisnéis a eisítear faoi réir théarmaí agus choinníollacha cheadúnas Fhaisnéis na Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ar http://www.psi.gov.ie.

Nílimid dlite as aon chaillteanas nó dliteanas a bhaineann le hathúsáid faisnéise agus ní dheimhnímid go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta ná nach bhfuil botún inti. Ní údaraímid go mbeadh cearta eisiacha ag aon úsáideoir ar athúsáid na faisnéise.

Tá athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas

Caithfear:

  • An fhoinse agus ár gcóipcheart a admháil i gcásanna ina gcuirtear an fhaisnéis ar fáil do dhaoine eile;
  • An fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn;
  • Gan an fhaisnéis a úsáid in aon slí a chuirfeadh daoine amú;
  • Gan an fhaisnéis a úsáid go príomha le haghaidh fógraíochta ná cur chun cinn aon earra nó seirbhíse ar leith;
  • Gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha mídhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha ná mí-ionraice, ná chun tacú leo.

Táillí

Beidh na táillí seo a leanas i bhfeidhm:

  • €20.95 in aghaidh na huaire don am a chaitear ag táirgeadh, ag bailiú agus ag atáirgeadh na faisnéise lena athúsáid.
  • €0.04 in aghaidh na fótachóipe.
  • €10.16 le haghaidh CD-ROM

Déanfar athbhreithniú tráthrialta ar na táillí sin. Tabharfar sonraí na dtáillí don iarratasóir sula n-eisítear an fhaisnéis.