Tá Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais, 2025–2026 de chuid Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas ar oscailt anois agus ag glacadh le hiarratais go dtína 3.00 i.n., Dé Céadaoin, 4 Aibreán 2025.
Is é cuspóir na scéime deontas tacú le tionscadail a reáchtálann an tsochaí shibhialta agus ceardchumainn chun cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn. Tá €350,000 san iomlán ar fáil do na tionscadail.
Snáitheanna na Scéime Deontas
Maidir le téamaí Scéim Deontas 2025–2026, is éard a chuireann bonn eolais fúthu ná tosaíochtaí straitéiseacha an Choimisiúin a leagtar amach i Ráiteas Straitéise 2025–2027 dá chuid .
Tacóidh an Scéim Deontas le tionscadail faoi na snáitheanna seo a leanas i mbliana:
Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine a chur i bhfeidhm maidir le bréagaisnéis, mífhaisnéis agus fuath a chomhrac, agus dlúthpháirtíocht agus muintearas pobail a chothú.
Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine a chur i bhfeidhm agus dúshlán chúiseanna struchtúrtha na bochtaineachta agus a tionchar ar shaol daoine agus ar phobail a thabhairt, agus éifeachtacht fhreagairtí an Stáit ina leith a cheistiú.
Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh cur chuige i leith ceartas aeráide agus comhshaoil agus aistriú cóir bunaithe ar chearta an duine agus ar chomhionannas.
Sruthanna Maoinithe
Tá maoiniú ar fáil do dheontais bheaga agus do dheontais ghinearálta:
- Deontais Bheaga suas go: €7,000
- Deontais Ghinearálta suas go: €22,000

Treoir agus an Fhoirm Iarratais
Féach ár bhfoirm treorach chun cuidiú leat d’iarratas a líonadh amach

Eagraíochtaí Incháilithe
Tá an Scéim Deontas oscailte d’eagraíochtaí sochaí sibhialta a oibríonn chun cearta an duine agus comhionannas a chur chun cinn agus do cheardchumainn in Éirinn. Áirítear le heagraíochtaí sochaí sibhialta: eagraíochtaí pobail agus deonacha idir áitiúil agus náisiúnta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, grúpaí faoi stiúir grúpaí a bhfuil cearta acu, grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar phobail bunaithe ar cheantair nó pobail sainleasa a chosnaítear faoi naoi bhforas na reachtaíochta Comhionannais, chomh maith le grúpaí a fhulaingíonn bochtaineacht, idirdhealú nó eisiamh socheacnamaíoch, iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus pobail imirceach ina measc.
Chun bheith incháilithe, caithfidh eagraíochtaí sochaí sibhialta a bheith ina n-eagraíochtaí neamhbhrabúis agus cláraithe leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO), agus/nó a bheith ina gCarthanas cláraithe.
