Céimí sa dlí é Adrian a bhfuil Riocht Speictream an Uathachais air, agus chuir sé Máistir Dlíthe (LLM) i gcrích le déanaí (An Dlí agus Beartas Comparáideach agus Idirnáisiúnta maidir le Míchumas) (Ollscoil na Gaillimhe) lena thráchtas faoin mbealach a d’fhéadfadh an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus beartais idirnáisiúnta maidir le Teicneolaíocht Chúnta a bheith ina gcuidiú leis an mbearna a laghdú idir an t-ardoideachas agus an fhostaíocht do dhaoine faoi mhíchumais chognaíocha. Tá sé ina chónaí i gCill Airne agus tá LLM (Ginearálta) (Ollscoil Luimnigh), BCL (OL) agus Ard-Dioplóma san Innealtóireacht Bogearraí aige chomh maith le taithí ghairmiúil le Niall Brosnan & Co Solicitors agus SAP.