Oibríonn Brian go páirtaimseartha i gComhairle Contae Chill Chainnigh. Is é cathaoirleach é ar The National Platform of Self Advocates, eagraíocht abhcóideachta neamhspleách atá faoi stiúir daoine faoi mhíchumais intleachtúla. Threoraigh sé an eagraíocht le déanaí le go mbainfí stádas cuideachta teoranta amach agus is stiúrthóir anois é. Tá Brian ina chéimí ón gclár Ceannaireachta agus Abhcóideachta in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus bhí sé ina chathaoirleach ar Seasamh agus ar Fhochoiste Abhcóideachta Ionchuimsiú Éireann den Bhord. Is iomaí grúpa comhairliúcháin ar ar ceapadh Brian, lena n‑áirítear an Tascfhórsa maidir le Buiséid Phearsantaithe agus an Grúpa Comhairliúcháin um Chinntiú gur Fiú an Obair an Luach Saothair. Buaileann sé le polaiteoirí go rialta agus láidríonn sé naisc le grúpaí eile ar leibhéal náisiúnta chun ionadaíocht a dhéanamh ar ghuth daoine faoi mhíchumais intleachtúla.