Léim go dtí an t-ábhar

Is dlíodóir agus abhcóide idirnáisiúnta um chearta an duine í Caoilfhionn Gallagher KC, agus i mí Feabhra 2023 ceapadh í mar Rapóirtéir Speisialta na hÉireann maidir le Cosaint Leanaí. Ghníomhaigh sí in go leor cásanna cinniúnacha os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, binsí idirnáisiúnta eile agus sa Ríocht Aontaithe, ina measc ionadaíocht a dhéanamh ar mharthanóirí agus teaghlaigh a bhfuair daoine muinteartha leo bás i mBuamálacha 7/7 Londan agus i dtubaiste Hillsborough , agus gníomhú i gcásanna samplacha a d’athraigh an dlí ar cheisteanna éagsúla, ina measc cearta an linbh faoi choimeád na bpóilíní, oibleagáidí an Stáit i leith íospartaigh agus marthanóirí drochíde baile agus mí-úsáid ghnéis ar pháistí, agus ginmhilleadh i dTuaisceart Éireann.