Is státseirbhíseach sinsearach é Andrew Forde a bhfuil taithí fhairsing náisiúnta agus idirnáisiúnta aige i réimse chearta an duine. Tá an Dr Forde i gceannas ar Athghiniúint Tuaithe sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoi láthair agus tá céimeanna LLM agus PhD aige i ndlíthe idirnáisiúnta i leith chearta an duine, le saineolas ar leith dírithe ar an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Is comhalta cuartaíochta é an Dr Forde freisin ag Ionad na hÉireann um Chearta an Duine agus scríobhann sé go forleathan ar chúrsaí a bhaineann le cearta an duine san Eoraip.