Léim go dtí an t-ábhar

Is socheolaí cleachtach í an Dr Lucy Michael agus sainchomhairleoir ar shaincheisteanna maidir le comhionannas agus imeascadh. Tugtar aghaidh go háirithe ina cuid oibre ar fhoréigean agus idirdhealú ciníoch, taithí íospartach, agus róil na n-institiúidí reachtúla agus na sochaí sibhialta i gcur i gcoinne na coireachta fuatha agus eisiaimh. Thug Lucy faoi thaighde le réimse leathan comhlachtaí san earnáil phoiblí agus phríobháideach, lena n-áirítear an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, Oifig Gnóthaí Baile na Ríochta Aontaithe agus an Líonra Eorpach i gcoinne an Chiníochais. Is comhúdar í le INAR ar chóras tuairiscithe teagmhas ciníoch ar iReport.ie, córas a úsáidtear chun an ciníochas in Éirinn a mhapáil. Bhí poist léachtóireachta aici roimhe seo le hOllscoil Uladh agus Ollscoil Hull, agus is iar-Uachtarán í ar an Sociological Association of Ireland.