Is bean den Lucht Siúil í an Dr Rosaleen McDonagh atá faoi mhíchumas. Is as Sligeach ó dhúchas di, agus is í an ceathrú páiste is sine i gclann fiche páiste í. D’oibrigh sí in Ionad Pavee Point don Lucht Siúil agus na Romaigh ar feadh deich mbliana, ag bainistiú an chláir ‘Foréigean in aghaidh Ban’, agus tá sí ina comhalta boird de fós. Scríobhann sí go rialta don Irish Times, agus scríobh sí bunaithe ar a léargas mar fheimineach ón Lucht Siúil. Áirítear le hobair Rosaleen mar dhrámadóir Mainstream, The Baby Doll Project, Stuck, She’s Not Mine, agus Rings.