Is Iarrthóir PhD í Elíona i Léann an Mhíchumais, lena ndéanann sí taighde ar thaithí na mban faoi mhíchumas san Íoslainn ar an bhforéigean inscnebhunaithe agus ar an rochtain ar an gceartas. Tá Céim Chéadonóracha LLM aici sa Dlí agus Beartas Comparáideach agus Idirnáisiúnta maidir le Míchumas, agus Céim Céadonóracha Idirnáisiúnta BA (Socheolaíocht agus Eolaíochtaí Polaitiúla agus Spáinnis), ó Ollscoil na Gaillimhe. Ó mhí Eanáir 2019, tá sí ina comhalta ar an gcéad Choiste Comhairleach Reachtúil ar Ghnóthaí Míchumais in Éirinn, arna ceapadh ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.
D’aithin Junior Chamber International í mar dhuine den deichniúr Daoine Óga Éachtacha de chuid na hÉireann in 2018, mar gheall ar a gníomhaíochas, a héachtaí, agus a hobair dheonach maidir leis an míchumas le heagraíochtaí neamhrialtasacha míchumais. Bhí sí ina cathaoirleach ar Galway Visually Impaired Activity Club ó 2016–2020, agus ina hiniúchóir ar an Inclusion & Motivation for Promoting Access to Community Transformation & Engagement Society, arbh í féin a bhunaigh é agus a chuir ar bun é in éineacht le daoine eile in 2017, agus bhí sé faoina stiúir ó 2017–2019.