Is ollamh é an tOllamh Ray Murphy in Ionad na hÉireann um Chearta an Duine in Ollscoil na Gaillimhe. Chomh maith lena phost in Ionad na hÉireann um Chearta an Duine, is comhalta é freisin d’fhoireann na hInstitiúide Idirnáisiúnta d’Imscrúduithe Coiriúla. Ba é Saineolaí Sinsearach na hÉireann é ar Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus comhalta de Choiste Feidhmiúcháin Chomhlachas na nInstitiúidí um Chearta an Duine. Ba chomhalta agus Leas-Chathaoirleach ar Choiste Feidhmiúcháin Amnesty International (Ireland) é Ray. Thug sé faoi oiliúint freisin thar ceann Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, No Peace without Justice, Amnesty International, na Náisiún Aontaithe, agus International Institute for Humanitarian Law agus Pearson Peacekeeping Centre (Ceanada). Tá Ray ag fónamh ar a dhara téarma, i ndiaidh a cheapacháin den chéad uair le fónamh ó Shamhain 2014 go Deireadh Fómhair 2019.