Léim go dtí an t-ábhar

Tá Teastas san Fhorbairt Pobail ó UCG ag Fiona, BA san Eolaíocht Shocheolaíoch, Pholaitiúil agus Dhlíthiúil, LLM sa Dlí agus Beartas Comparáideach agus Idirnáisiúnta maidir le Míchumas ó Ollscoil na Gaillimhe, agus tá an bhliain deiridh á críochnú aici de chlár LLB ag Ollscoil na Gaillimhe. Tá siondróm leathan míochaine ag Fiona in éineacht le míchumais shíceasóisialta agus mheabhairshláinte.

Ba é an teideal dá tráchtas don Mháistir Dlíthe “Irish Mental Health Inpatient Services: In Crisis, A Shambles and Disintegrating”. Rianaigh Fiona na ceisteanna ba thábhachtaí maidir le neamhchomhlíontacht a bhain do 58 ionad faofa, agus í ag ceapadh táblaí agus ag tiomsú staitisticí lenar nochtadh go raibh na ceisteanna neamhchomhlíontachta sin ag tarlú arís is arís eile agus mar a chéile ó shaoráid go saoráid ar fud na tíre.

Tá Fiona ina tacadóir le fada an lá leis an gcur chuige i leith cúram leighis agus cúram meabhairshláinte, atá bunaithe ar chearta an duine, agus is é an dlí agus na cleachtais a bhaineann le cúrsaí leighis agus meabhairshláinte is mó is spéis léi, agus cur chun feidhme UNCRPD go háirithe maidir le cearta an duine le haghaidh daoine faoi mhíchumas a thabhairt chun cinn sa chleachtas freisin.