Léim go dtí an t-ábhar

Is as Ros Comáin ó thús do Gary, agus tá sé ina chónaí i nGaillimh lena bhean chéile, Linda, ar feadh beagnach 20 bliain. Bhain sé céim amach ó DCU sa Ríomheolaíocht in 1991 agus níl aon dabht ach gur geocach ríomhaire go smior é agus dúil as cuimse sa léitheoireacht aige freisin. Is comhalta bunaidh de Galway Sailability é agus Iar-Cheannasóir Chlub Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe. Ó lár na mblianta ina dhéagóir dó, bhí dúshuim aige san fhorbairt phearsanta agus i bpoitéinseal an duine agus tá dhá Shaindioplóma sa Chóitseáil Feidhmeannach agus Saoil aige. Is comhalta é den Fhoras Cóitseála Idirnáisiúnta freisin.

Creideann sé go diongbháilte go bhfuil an poitéinseal ag gach duine rannchuidiú leis an tsochaí ar bhealach luachmhar. Mar dhuine a rugadh agus Spina Bifida air, is eol dó a thábhachtaí atá sé go mbreathnóidh daoine faoi mhíchumas orthu féin mar dhaoine ar mór leis an tsochaí iad agus atá ina gcuid den tsochaí, agus tá súil aige go mbeidh obair an Choiste Chomhairligh ar Ghnóthaí Míchumais ina cuidiú chun na hidéil sin a chur chun cinn agus a fhorbairt.