Léim go dtí an t-ábhar

Tá breis agus 35 bliain de thaithí ag Jacqui ar a bheith ag obair ar leibhéal áitiúil, náisiúnta, Eorpach agus Idirnáisiúnta mar ghníomhaí ar son comhionannais do dhaoine faoi mhíchumas agus mar shainchomhairleoir ina leith. Is í rúnaí Bhord Independent Living Movement of Ireland (ILMI) í. Tá Jacqui ina Cathaoirleach ar DESSA – an Ghníomhaireacht Saintacaíochta um Chomhionannas do Dhaoine faoi Mhíchumas, ar eagraíocht í atá dírithe ar an bhForbairt Pobail agus ar Chearta an Duine. Tá Jacqui ina chomhalta freisin de Choiste Bhord Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte um Shábháilteacht agus Cáilíocht Othair; Grúpa na bPáirtithe Leasmhara um Míchumas faoin Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú Daoine faoi Míchumas; an Irish Thalidomide Association agus Irish Platform for Patient Organisations, Science and Industry (IPPOSI); Coiste Stiúrtha na hÉireann den Fhoras Idirnáisiúnta um Chúram Comhtháite; European Patients’ Academy on Therapeutic Innovation; agus Fóram na nOthar de chuid HPRA – an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte.