Soláthraíonn James treoir agus tacaíocht d’eagraíochtaí atá ag iarraidh dul chun cinn suntasach a dhéanamh agus iad ag dul i dtreo na héagsúlachta agus an ionchuimsithe trí fheabhsuithe a dhéanamh go leanúnach.
Is duine bródúil faoi mhíchumas é, arb as ceantar tuaithe Chontae an Longfoirt dó agus maireann sé go neamhspleách agus Seirbhís Cúnaimh Phearsanta á húsáid aige.
Ba é James an tOifigeach Beartais roimhe seo le haghaidh Eagraíocht Náisiúnta Daoine faoi Mhíchumas, atá á stiúradh ag Daoine faoi mhíchumas agus le haghaidh Daoine faoi mhíchumas. Bhain sé céim BA amach sa Ghnó agus Tíreolaíocht, Máistir Ghairmiúil san Oideachas agus chuir sé teastas Leibhéal 9 i gcrích le déanaí dar teideal “Leading Transformative Education” ag Ollscoil Mhá Nuad. Bhí sé ina mhúinteoir meánscoile agus tá taighde déanta aige ar cheisteanna míchumais ar leibhéal Náisiúnta agus Eorpach.
Bhí James ina chomhéascaitheoir don chúrsa teastais i léann an mhíchumais ag Ollscoil Mhá Nuad. Tá sé ina chomhalta den Choiste Comhairleach ar Ghnóthaí Míchumais de chuid Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC) ó bhí 2022 ann agus bhí sé feiceáil san fheachtas Teilifíse, Pictiúrlainne agus Raidió dá chuid “Mar gur daoine muid ar fad, is mar a chéile muid ar fad”. Is iomaí fóram beartais Rialtais ar ar ceapadh James roimhe seo, lena n‑áirítear Grúpa na bPáirtithe Leasmhara um Míchumas (DSG6) agus an Coiste Comhairleach um Thacsaithe. Bhí sé ina chomhalta boird gníomhach agus ina Cathaoirleach ar EAPN – an Líonra Eorpach um Fhrithbhochtaineacht.