Is é Jim Clarken Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Oxfam Ireland agus tá sé ina Stiúrthóir Feidhmeannach ar Oxfam International. Tá taithí fhairsing ceannaireachta agus rialachais chorparáidigh aige, ag obair ar leibhéal na hardbhainistíochta agus an bhoird san earnáil chorparáideach agus in earnáil idirnáisiúnta na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha le nach mór tríocha bliain anuas. Bhí sé i bhfách go mór le cearta na mban riamh anall, agus spreag Jim fócas ar inscne ag Oxfam agus stiúir sé an Irish Consortium on Gender Based Violence. Bhí baint aige le bunú Irish Refugee and Migrant Coalition, Stop Climate Chaos, Irish Coalition for Business and Human Rights agus is iarchathaoirleach é ar Dóchas.