Léim go dtí an t-ábhar

Is as Ros Comáin ó dhúchas do John agus tá sé pósta ar Audrey. Is é stiúrthóir Lárionad Léinn na mBodhar ag Coláiste na Tríonóide é. Is é stiúrthóir boird Chumann Bodhar na hÉireann é. Is iomaí coiste agus grúpa oibre laistigh den Státseirbhís ina raibh sé páirteach ach oiread le comhlachtaí eile de chuid an Rialtais chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn daoine Bodhra agus daoine faoi mhíchumas sa tsochaí. Dhírigh sé sna foilseacháin uaidh le déanaí ar dhaoine Bodhra sa tsochaí, ar chearta teanga, ar chomhionannas agus ar an mbraistint chómhuintearais laistigh den phobal den chuid is mó. Bhain sé céim dhochtúireachta amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus dhírigh sé a thráchtas ar anailís chomparáideach ar bheartais maidir le teangacha comharthaíochta in dhá thír – an Fhionlainn agus Éire. Bronnadh stádas ar John Bosco mar dhuine de na hAmbasadóirí don Séala Eorpach Teanga le haghaidh 2015.