Tá Mícheál tiomanta dá chuid oibre mar ghníomhaí míchumais agus cloíonn sé leis na samhlacha sóisialta agus le samhlacha chearta an duine i leith an mhíchumais. I dteannta ardcháilíochtaí oideachasúla lena n‑áirítear PhD sa Pholaitíocht ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath mar aon le MSc san Anailís ar Bheartais Eacnamaíocha agus Baitsiléir Ealaíon san Eacnamaíocht, tá teastais iarchéime aige san anailís ar rioscaí airgeadais agus san anailísíocht sonraí.
Mar chosantóir díograiseach chearta na ndaoine faoi mhíchumas, ghlac sé páirt i roinnt mhaith tionscnaimh agus eagraíochtaí lena n‑áirítear Painéal Comhairleach Chomhairle Contae Átha Cliath Theas um Míchumas, Independent Living Movement of Ireland, agus South Dublin Disability Platform. Is é a mhian go gcuirfí ceisteanna an trasnachais idir grúpaí san áireamh oiread agus is féidir i mbeartais agus i gcleachtas na hÉireann i leith an mhíchumais.