Is piarmheantóir í Shelly leis an Independent Living Movement Ireland, agus dúshuim aici sa teicneolaíocht go háirithe an Teicneolaíocht Chúnta agus sna bacainní is féidir a bhaint anuas leis an teicneolaíocht sin le haghaidh daoine faoi mhíchumas. Is breá léi go bhfágann an teicneolaíocht go mbíonn gach duine ar comhchéim, agus is é sin an fáth a bhfuil cearta an duine do dhaoine faoi mhíchumas chomh tábhachtach di. Stiúrann sí a Seirbhís cúntóirí pearsanta féin trína cuideachta féin Shellyonwheels agus is ríthábhachtach di smacht iomlán a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas ar a saol féin.