Is gníomhaí faoi mhíchumas é Peadar (rugadh ina naíonán lagamhairc é) agus tá MA i Léann an Mhíchumais aige ó Ollscoil Leeds agus chruthaigh sé Eagraíocht Daoine faoi Míchumas in Leeds, agus ina thír dhúchais, Poblacht na hÉireann. Tá taithí aige ar a bheith ag oibriú le coiste UNCRPD agus leis an nGréasán Eorpach um Maireachtáil Neamhspleách (ENIL) agus chuir sé oiliúint ar fáil maidir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe (Spriocanna Forbartha Inbhunaithe) in Strasbourg, agus tá páipéar scríofa aige le haghaidh ENIL faoin nasc atá ag na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe le UNCRPD. Tá sé ina Oifigeach Beartais le haghaidh Disability Power Ireland (DPI) faoi láthair, ar Eagraíocht Daoine faoi Míchumas é a bunaíodh le déanaí, agus sa bhreis air sin is teagascóir páirtaimseartha ag Ollscoil Mhá Nuad é ar chlár leibhéal 7 i léann an mhíchumais. Agus am saor ón obair aige, is breá leis a bheith ag scríobh agus ag léamh ficsin agus tá gearrscéal foilsithe aige tríd an ngrúpa sa Ríocht Aontaithe darb ainm Disability Arts Online (DAO), agus is maith leis staidéar a dhéanamh ar an stair liteartha agus shóisialta.