Tá Colin Harvey ina Ollamh le Dlí i leith Chearta an Duine in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus ina Stiúrthóir ar an Ionad um Chearta an Duine. Bhí an tOllamh Harvey ina Choimisinéir ar Choimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine, bhí an dlí i leith chearta an duine á mhúineadh le beagnach 30 bliain anuas aige agus is iomaí rud a scríobh sé agus a rinne sé maidir le dlíthe i leith chearta an duine ar an leibhéal áitiúil agus ar fud an domhain.