Léim go dtí an t-ábhar

Is socheolaí í an tOllamh Kathleen Lynch agus chaith sí a saol oibre ar fad ag cur comhionannas, cearta an duine agus ceartas sóisialta chun cinn trí oideachas agus taighde. D’fhoilsigh sí ocht leabhar agus trí chéad alt ar gach cineál saincheiste comhionannais. Bhí ról lárnach aici i mbunú an Ionaid Léann Comhionannais sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) in 1990 agus i Scoil na Córa Sóisialta in 2004/5. Chomh maith leis sin, stiúir sí forbairt an M.Sc. agus an Dioplóma i Léann an Chomhionannais in UCD in 1990, d’fhorbair sí roinnt cláir For-rochtana i Léann an Chomhionannais i gcomhar le Grúpaí Pobail in imeacht tríocha bliain, agus bhí sí i dtús cadhnaíochta maidir le BCL (Dlí agus Cóir Sóisialta) a fhorbairt le Foireann Teagaisc Dlí UCD in 2013/14.