Léim go dtí an t-ábhar

Is acadóir é Vivian, tacadóir ar son chearta an duine agus daoine faoi mhíchumais agus tionscnaíonn sé athruithe. Tá sé ina Chomhalta Teagaisc Taca faoi láthair i Scoil an Oideachais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD), agus is é an tOifigeach Taighde leis an Association for Higher Education Access and Disability (AHEAD). Lena chéim Ph.D., dar teideal “Social Engagement Experiences of Disabled Students in Higher Education in Ireland”, dhírigh sé ar réimsí rannpháirtíocht shóisialta, aistrithe, ghuth agus mhuintearas na mac léinn faoi mhíchumas. Tá a shaothar foilsithe agus a chuid smaointe ar son athruithe curtha i láthair aige ar fud an Aontais Eorpaigh. Bhain sé amach Céim Mháistreachta sa Bhainistíocht ó Scoil Ghnó Smurfit, mar ar dhírigh sé ar fhostú céimithe faoi mhíchumas. Creideann sé sa taighde ar mhaithe le tionchar a bhaint amach agus d’úsáid sé a chuid taighde chun tionchar a imirt ar an mbealach a fhorbraítear beartais náisiúnta agus chun athruithe sóisialta a fhíorú ar an leibhéal áitiúil agus náisiúnta. D’oibrigh sé chun daoine eile faoi mhíchumas a chumhachtú chun a gcearta féin agus cearta daoine eile a éileamh agus is é Cathaoirleach reatha agus bunaitheoir Fhóram TCD do Bhaill Foirne agus Mic Léinn Iarchéime faoi Mhíchumas, agus bunaitheoir Choiste Náisiúnta na nIarchéimithe faoi Mhíchumas é chomh maith. Tá sé ina iarchomhalta de Ghrúpa na Straitéise Náisiúnta um Chuimsiú Daoine faoi Míchumas agus de Ghrúpa Náisiúnta na bPáirtithe Leasmhara um Míchumas.

Is Cosantóir Comhionannais de chuid TCD é ar bronnadh gradam air mar Cheannaire faoi Mhíchumas, agus dhírigh sé ar a bheith ag cinntiú go ndéanfar ionadaíocht ar ghuth daoine faoi mhíchumas agus cinntí á ndéanamh. Tugann sé chun solais na bacainní córasacha agus bacainní an chumasachais a choisceann rochtain chomhionann daoine faoi mhíchumas ar fhostaíocht, oideachas, agus rannpháirtíocht pholaitiúil, agus ar pháirt a ghlacadh sa tsochaí mar ba mhian leo.