Tá Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘An Coimisiún’) ag iarraidh ar eagraíochtaí sochaí sibhialta agus grúpaí ar fud na hÉireann a oibríonn ar shaincheisteanna maidir le cearta an duine agus leis an gcomhionannas iarratas a dhéanamh ar thacaíocht faoi Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais, 2026–27 (Scéim Deontas) a osclaíodh inniu.
Tá Scéim Deontas na bliana seo dírithe ar thacú le tionscadail um chearta an duine agus comhionannas i dtrí phríomhshnáithe a chuireann le príomhstraitéisí a chur chun cinn:
Snáithe A: Cearta arna gcosaint faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) a chur chun cinn.
Snáithe B: Dul i ngleic leis an gciníochas agus leis an idirdhealú ciníoch agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le hIdirdhealú Ciníoch a Dhíothú (UNCERD) a chur chun cinn.
Snáithe C: Cearta an duine agus an comhionannas a chur chun cinn agus a chosaint sa timpeallacht dhigiteach, lena n-áirítear cur i bhfeidhm na hintleachta saorga.
Dúirt an Príomh-Choimisinéir Liam Herrick:
“Táimid tiomanta do thacú leis na daoine agus na pobail a mbíonn na constaicí is mó rompu chun a gcearta a bhaint amach agus is lú a chloistear, agus iad a chumasú. Dlúth agus inneach na hoibre seo is ea an taithí saoil, agus tacóidh an Scéim Deontas seo le tionscadail a chumasaíonn rannpháirtíocht fhiúntach agus comhghníomhú iad siúd a bhfuil an tionchar is mó ag an neamhionannas orthu.”
Is léiriú é an Scéim Deontas ar na tosaíochtaí atá leagtha amach i Ráiteas Straitéise 2025–27 de chuid an Choimisiúin agus tá sé mar aidhm ag an scéim tacú le tionscadail ar féidir leo cosaint agus cur chun cinn chearta an duine agus an chomhionannais a neartú sna réimsí ina bhfuil gá leis, feabhas a chur ar an gcuntasacht, agus sochaí níos ionchuimsithí agus níos cothroime a thógáil.
Tá maoiniú €350,000 ar fáil ar an iomlán. Is féidir le heagraíochtaí sochaí sibhialta cur isteach ar:
* Deontais bheaga suas go €7,000, agus
* Deontais ghinearálta suas go €22,000
Aon bhliain déag ar an bhfód anois, cuireadh maoiniú ar fáil a bhuí le Scéim Deontas an Choimisiúin do na céadta tionscadal ar fud na hÉireann, lena n-áirítear taighde, anailís ar pholasaí, tógáil cumais, gníomhartha faoi stiúir an phobail, tograí oideachais agus cur le feasacht an phobail.
Is féidir le heagraíochtaí sochaí sibhialta, grúpaí faoi stiúir daoine a bhfuil cearta acu agus faoi stiúir an phobail, agus ceardchumainn ar fud na tíre atá ag obair chun cearta an duine agus an comhionannas a chur chun cinn cur isteach ar dheontais. Tá an Scéim Deontas ag lorg iarratais a chuireann leis an gcumas chun tacú le cúiseanna tríd an oideachas agus an oiliúint, taighde agus anailís bunaithe ar fhianaise a neartú, agus tacú leis an rannpháirtíocht i bpríomhphróisis mhonatóireachta idirnáisiúnta ar chearta an duine, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le hIdirdhealú Ciníoch a Dhíothú (CERD).
Is é an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte 3pm (ar bhuille na huaire), Dé Máirt, 19 Bealtaine 2026. Tá na sonraí uile faoi Scéim Deontas Chearta an Duine agus Comhionannais, 2026–27 ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
Reáchtálfaidh an Coimisiún sraith de sheisiúin eolais ar líne faoi na Scéimeanna Deontas i mbliana. Beidh tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
Dúirt an Príomh-Choimisinéir Liam Herrick freisin:
“Molaim go mór d’eagraíochtaí sochaí sibhialta, grúpaí pobail agus deonacha, agus ceardchumainn ar fud na hÉireann cur isteach ar mhaoiniú faoi scéim na bliana seo, go háirithe iad siúd atá ag obair chun cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn, troid i gcoinne an chiníochais, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin maidir le cearta an duine agus maidir leis an gcomhionannas sa timpeallacht dhigiteach.”