Léim go dtí an t-ábhar
Má táimid le dul chun cinn a dhéanamh ar chomhionannas, tá sé riachtanach go leasóimis ár ndlíthe comhionannais chun stádas socheacnamaíoch a áireamh mar fhoras idirdhealaithe. Sin é an phríomhtheachtaireacht ó chomhdháil atá á reáchtáil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath inniu ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas dar teideal Achieving Equality at Work: Promoting Socio-Economic Equality in Employment. Ag díriú ar an gcaoi ar féidir linn comhionannas socheacnamaíoch a chur chun cinn i rochtain ar obair agus dul chun cinn san obair, tharraing an chomhdháil aird ar an gcaoi a bhféadfadh idirdhealú socheacnamaíoch tionchar a imirt ar chumas duine obair chuibhiúil a aimsiú. Tá an t-idirdhealú sin in ann an bhochtaineacht a ghéarú ar theaghlaigh ar ioncam íseal trí rochtain laghdaithe ar oideachas, fostaíocht, cúram sláinte agus tithíocht. Chruinnigh an chomhdháil le chéile fostóirí agus fostaithe poiblí agus príobháideacha, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus grúpaí daoine a bhfuil cearta acu, ceardchumainn, lucht déanta beartas agus taighdeoirí, chun plé a dhéanamh ar an gcaoi le hionaid oibre níos ionchuimsithí, atá saor ar idirdhealú, a chur chun cinn. Cé go bhfuil lánfhostaíocht beagnach in Éirinn, tá grúpaí a mbíonn constaicí arda córasacha os a gcomhair sa mhargadh saothair fós dífhostaithe nó tearcfhostaithe. Ina theannta sin, tá ganntanais scileanna agus saothair in go leor earnálacha dár ngeilleagar. Déantar idirdhealú go minic ar dhaoine ag a bhfuil stádas socheacnamaíoch faoi mhíbhuntáiste, agus d’fhéadfadh eisiamh ó idir sheirbhísí agus fhostaíocht eascairt as sin, rud a ghéaraíonn neamhionannas ioncaim agus saibhris. Caithfear éisteacht le guth na ndaoine a fhulaingíonn an t-idirdhealú sin, mar gheall ar chomharthaí stádais shocheacnamaíoch, ar nós seoladh, úinéireacht tí, foinse ioncaim, canúna, oideachais nó stair fostaíochta roimhe sin. Is deis é seo d’fhostóirí a lucht saothair a leathnú, chun cuardach i bhfad agus i ngearr agus gan chlaonadh nuair atá grúpaí nua fostaíochta á meas. Léiríodh ag an gComhdháil inniu an méid is féidir linn a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh ar na réitigh ar chomhionannas san fhórsa saothair agus inár n-ionaid oibre ar leith. Dúirt Stiúrthóir an Choimisiúin, Deirdre Malone:
“Nuair a chuirtear iallach ar dhaoine cónaí i mbochtaineacht leanúnach, ó ghlúin go glúin uaireanta, maolaítear go mór a gcumas gach ceart daonna eile a éileamh. Tuismitheoirí aonair, daoine atá faoi mhíchumas, an Lucht Siúil agus na Romaigh, daoine ó chúlraí eile mionlaigh eitnigh nó imirce, agus grúpaí leochaileacha eile: bíonn constaicí ar leith rompu uile i gcás na fostaíochta. “Tá ar gcion le déanamh againn ar fad chun comhionannas socheacnamaíoch san fhostaíocht a chur chun cinn. Caithfimid smaoineamh ar na beartais agus na tacaíochtaí a theastaíonn chun na constaicí agus an t-idirdhealú a bhíonn le sárú ag go leor daoine a mhaolú agus iad ag tabhairt faoin saol oibre.”
Tá an Chomhdháil ar Achieving Equality at Work: Promoting Socio-Economic Equality in Employment ar siúl in Ionad Hibernia i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Déardaoin, 9 Bealtaine 2024. Beidh an clárú ag oscailt ag 8.30 r.n. agus an Chomhdháil ag tosú ag 9.15 r.n.   CRÍOCH/ Nóta don Eagarthóir Tá clár na Comhdhála le fáil ar an nasc seo: https://www.ihrec.ie//app/uploads/2024/05/Programme_With-Bios_Single-Page_V1.pdf