Léim go dtí an t-ábhar
Toisc gur ritheadh an Bille um Chúirteanna, an Dlí Sibhialta, an Dlí Coiriúil agus Aoisliúntas (Forálacha Ilghnéitheacha), 2024 (‘an Bille’) sa Seanad inniu, scríobh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) chuig an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee arís. Inár litir, tharraingíomar aird ar ár imní ollmhór faoi inneachar an Bhille agus muid ag súil go n-eascróidh dlíthíocht bhreise as an mBille mar atá faoi láthair. Chuir an Chúirt Uachtarach an córas aisghairme roimhe seo ar ceal ceithre bliana ó shin. Nuair a achtaítear é, leasóidh an Bille na forálacha ábhartha d’Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 ina bpléitear le haisghairm saoránachta. Níor foilsíodh na leasuithe ábhartha a bheartaítear ach an tseachtain seo caite, an 9 Iúil 2024, lena cur go Céim an Choiste. Dá ainneoin sin, ritheadh an reachtaíocht trí dhá theach an Oireachtais in imeacht gairid ocht lá, rud a chuir srian mór ar an am a bhí ar fáil le haghaidh scrúdú réamhreachtach cuí ar an reachtaíocht leasaithe a mholtar chun a chinntiú go bhfuil coimircí a chomhlíonann an Bunreacht mar chuid di. Dúirt Stiúrthóir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, Deirdre Malone:
“Creideann an Coimisiún go dtabharfadh an Bille seo, mar a d’achtófaí é, cumhacht d’Airí aisghairm saoránachta eadóirsithe a úsáid i gcúinsí neamhchuí nó díréireacha.  Chomh maith leis sin, tá forálacha gnáis agus substainteacha ann nach dóigh, dar linne, go seasfaidh siad scrúdú breithiúnach nuair a thástáiltear iad in aghaidh na n-ardchaighdeán a bheartaigh an Chúirt Uachtarach i ndlíthíocht roimhe seo.  Nuair a thagann an Bille seo i bhfeidhm, beidh dlíthíocht bhreise den chineál sin dosheachanta dar linne. Ní chothaíonn reachtaíocht dá leithéid muinín inár gcóras aisghairme – go háirithe dár gcomhshaoránaigh ar Éireannaigh trí eadóirsiú iad.”
Tá an litir chuig an Aire McEntee, dar dáta inniu, an 17 Iúil, ar fáil anseo Tá litir roimhe sin chuig an Aire McEntee, dar dáta an 16 Iúil, ar fáil anseo Tá litir roimhe sin chuig an Aire McEntee, dar dáta an 10 Iúil, ar fáil anseo CRÍOCH/