Léim go dtí an t-ábhar

Fág an suíomh seo go tapa agus oscail Google

Tá Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) ag soláthar ionadaíocht dhlíthiúil d’iarratasóir ar thug an Ard-Chúirt cead di Dé Luain dúshlán a thabhairt in aghaidh cinneadh imirce trí athbhreithniú breithiúnach. Tá an t-iarratasóir, ar tacadóir míchumais agus náisiúnach de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá í, ag tabhairt dúshlán chinneadh an Aire Dlí agus Cirt diúltú cead a thabhairt di a bheith féinfhostaithe nó gnó a bhunú mar choinníoll dá cead imirce. Áitíonn an t-iarratasóir go ndearna an tAire Dlí agus Cirt earráid fíorais ábhartha nuair a cinneadh a hiarratas ar athrú ar a cead imirce, toisc gur áitigh an tAire nach dtugtar cead le cónaitheacht Stampa 1 a bheith féinfhostaithe nó gnó a bhunú, ach gur féidir agus go dtugann an tAire ar uairibh cead do Stampa 1 a bheith féinfhostaithe nó gnó a bhunú. Toisc go bhfuil an cás sub judice (á bhreithniú ag an gCúirt) faoi láthair, ní dhéanfaidh an Coimisiún aon tráchtaireacht eile an tráth seo. CRÍOCH/ Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le: Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide IHREC, 01 852 9641 / 087 468 7760 sarah.clarkin@ihrec.ie Lean muid ar twitter @_IHREC Nóta Eagarthóra Toisc go bhfuil Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas páirteach go foirmiúil anois in imeachtaí an cháis, coisctear orainn aon tráchtaireacht eile a dhéanamh ó tharla go bhfuil an cás os comhair na Cúirte. Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát. Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe.