Léim go dtí an t-ábhar

Neamhionannas Eacnamaíochta ina Chonstaic chun Cearta Bunúsacha a Bhaint Amach

D’éiligh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) inniu ar an Stát an dlí comhionannais a nuashonrú ar bhonn práinneach, i rith théarma an Rialtais seo, chun go mbeidh sé in aghaidh an dlí idirdhealú a dhéanamh ar dhuine bunaithe ar a stádas socheacnamaíoch. I bpáipéar beartais a foilsíodh inniu, ‘Policy Statement on Socio-Economic Status as a ground of discrimination under the Equality Acts’, iarrann an Coimisiún ar an Stát
“dlí comhionannais na hÉireann a leasú chun cosc a chur ar idirdhealú ar bhonn stádais shocheacnamaíoch.”
Cé go bhfuil oibleagáid ar Éirinn cheanna féin faoi chonarthaí idirnáisiúnta éagsúla cosaint a sholáthar ar idirdhealú ar fhorais a bhaineann le stádas socheacnamaíoch, táimid ag éileamh go nuashonrófaí ár ndlíthe chun foras ann féin a dhéanamh de, agus chun cosaint níos fearr a chinntiú. Is féidir le hidirdhealú socheacnamaíoch tarlú ar go leor bealaí, agus i gcásanna fíorshaoil, géaraítear air go minic le cineálacha eile idirdhealaithe, ar nós ciníochais, gnéasachais agus cumasachais. Dá dtabharfaí isteach an foras seo, d’aithneofaí go ndéantar idirdhealú go minic ar dhaoine ag a bhfuil stádas socheacnamaíoch faoi mhíbhuntáiste, agus go bhféadfadh eisiamh ó idir sheirbhísí agus fhostaíocht eascairt as sin, rud a ghéaraíonn neamhionannas ioncaim agus saibhris. Téann easpa comhionannais eacnamaíoch i bhfeidhm ar gach grúpa imeallaithe agus cuireann sé bac ar go leor cearta bunúsacha a bhaint amach, rud a bhfuil sé d’oibleagáid ar Éirinn a chosaint. Creideann an Coimisiún go bhfuil leasú ár ndlí comhionannais chun stádas socheacnamaíoch a chuimsiú mar fhoras idirdhealaithe riachtanach le haghaidh comhtháthú sóisialta, ionchuimsiú sóisialta agus chun an caighdeán saoil a fheabhsú dóibh siúd atá thíos le bochtanas, nó i mbaol bochtanais. Ní hamháin go neartódh tabhairt isteach an fhorais seo éifeachtacht na nAchtanna um Chomhionannas, léireodh sé freisin aistriú ríthábhachtach, a bhfuil an-mhoill air, i dtírdhreach comhionannais na hÉireann. Dúirt Stiúrthóir an Choimisiúin, Deirdre Malone:
“Tá go leor daoine in Éirinn a fhulaingíonn idirdhealú mar gheall ar a seoladh, a gcanúint, a stádas fostaíochta nó a n-ioncam. Caithfear na daoine sin, agus grúpaí imeallaithe eile, a chosaint faoinár ndlíthe comhionannais. Gan fiú bliain fágtha i dtéarma an Rialtais seo, ní fhéadaimid gan an deis seo a thapú chun gníomhú. “Murab ionann agus forais idirdhealaithe eile, breathnaítear go minic ar bhochtaineacht mar chineál ‘teip mhorálta’, seachas mar mhíbhuntáiste struchtúrtha. Agus géarchéimeanna tithíochta agus costais maireachtála romhainn anois, i dteannta dúshláin eile, tá deis thábhachtach ag an Stát a chinntiú go dtógtar todhchaí na hÉireann ar bhunús láidir an tiomantais do chearta an duine agus comhionannas.”
Áirítear ar mholtaí comhfhreagracha:
  • Cur chuige neamhshiméadrach a chur i bhfeidhm (teorainn a chur leis an bhforas dóibh siúd atá faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar a stádas socheacnamaíoch amháin) nuair atá an foras nua stádais shocheacnamaíoch á shainmhíniú.
  • Táscairí a chur leis an sainmhíniú ar an bhforas agus go ndéanfaidh an Stát tuilleadh taighde, comhairliúchán le grúpaí mionlaigh ina measc, chun na táscairí is éifeachtaí a chinneadh.
  • An fhoráil ‘other than on a temporary basis’ a bhaint ón sainmhíniú ar mhíbhuntáiste socheacnamaíoch sa Bhille um Chomhionannas (Forálacha Ilghnéitheacha), 2021.
  • An fhoráil ‘socially or geographically identifiable group’ a bhaint ón sainmhíniú ar mhíbhuntáiste socheacnamaíoch sa Bhille um Chomhionannas (Forálacha Ilghnéitheacha), 2021.
Críoch/

Nótaí don Eagarthóir:

Léigh an Páipéar Beartais faoi Stádas Socheacnamaíoch mar fhoras idirdhealaithe faoi na hAchtanna um Chomhionannas Tá naoi bhforas idirdhealaithe in Éirinn faoi láthair: Aois, Stádas Sibhialta, Míchumas, Stádas Teaghlaigh, Inscne, Comhaltas den Lucht Siúil, Cine, Creideamh agus Gnéaschlaonadh. Tá an foras Cúnaimh Tithíochta i gceist freisin i gcás soláthar cóiríochta.