Léim go dtí an t-ábhar

Imní tarraingthe anuas faoi easpa cosaintí agus coimircí i reachtaíocht nua an Gharda Síochána

Leag an Coimisiún amach inniu a ábhar imní faoi Scéim Ghinearálta Bhille an Gharda Síochána (Feistí Taifeadta) (Leasú) a bheartaítear, ina bhféachtar le húsáid na teicneolaíochtaí aghaidh-aitheanta a thabhairt isteach don Gharda Síochána. De bharr go gcuireann an teicneolaíocht aghaidh-aitheanta isteach chomh mór sin ar dhaoine, teastaíonn rialacha agus údair láidre lena haghaidh, chomh maith le cosaint mhéadaithe sa dlí, agus coimircí fónta chun na cearta bunúsacha a chosaint. Inár nAighneacht don Aire Dlí agus Cirt, tharraingíomar aird ar an gcaoi nach dtéann an reachtaíocht bheartaithe sách fada chun a chinntiú go gcosnaítear na cearta sin. Aithníonn an Coimisiún go gcaithfidh an Garda Síochána a chumais dhigiteacha a athrú ó bhonn chun tacú le seirbhís nua-aimseartha póilíneachta in Éirinn. Ach tá comhlíonadh phrionsabail chearta an duine agus comhionannais ina chuid riachtanach den daonlathas agus smacht reachta, agus caithfear an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir cearta freasúla. D’fhéadfadh próifíliú nó marcáil agus rianú daoine aonair ar bhonn saintréithe cosanta eascairt as úsáid na dteicneolaíochtaí aghaidh-aitheanta – agus d’fhéadfadh torthaí idirdhealaitheacha a bheith mar thoradh air sin. Molaimid gur cheart impleachtaí chearta an duine agus comhionannais a bheidh ag an teicneolaíocht seo a chur faoi réir grinnscrúdú neamhspleách agus éifeachtach, a dhéanfadh comhlacht atá ann cheana féin, ar nós an Údaráis nua Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail, nó a dhéanfadh comhlacht nuabhunaithe, ar nós grúpa neamhspleách le haghaidh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Éilímid freisin go mbeadh úsáid teicneolaíochta aghaidh-aitheanta faoi réir údarú breithiúnach agus go leagfaí amach in aon údarú a bhronntar nádúr, raon feidhme agus fad an cheadaithe. Caithfear a áireamh sa Bhille na coimircí nós imeachta agus srianta a theastaíonn i dtaobh na cumhachta úsáid a bhaint as teicneolaíocht aghaidh-aitheanta. Chomh maith leis sin, níor cheart na cumhachtaí sin a úsáid ach amháin le haghaidh cionta ábhartha agus comhréireacha atá oiriúnach le haghaidh úsáid sainaitheanta bithmhéadraí. Thar aon ní eile, iarraimid go mbeadh oibleagáidí fhoireann an Gharda Síochána um chearta an duine agus comhionannas soiléir agus beacht, agus go leagfaí amach go soiléir sa reachtaíocht na hiarmhairtí a bheadh ann mura gcomhlíonfaí na hoibleagáidí sin. Deirimid arís, i gcás athchóirithe reachtacha a chur i bhfeidhm i dtaobh cumhachtaí póilíneachta a mhéadú, tá sé tábhachtach dearbhú an Choimisiúin um Thodhchaí na Póilíneachta a mheabhrú gur
“Bonn agus cuspóir na póilíneachta iad cearta an duine”.
Dúirt Stiúrthóir an Choimisiúin, Deirdre Malone:
“Tá úsáid sainaitheanta bithmhéadraí agus teicneolaíochtaí aghaidh-aitheanta ina mhéadú radacach ar chumhachtaí póilíneachta an Stáit. Leagtar freagracht shoiléir ar bhaill an Gharda Síochána chun a chinntiú nach n-úsáidtear na cumhachtaí sin ach ar bhealach a thagann leis an Acht agus leis an gcód cleachtais.  Dá bhrí sin, tá sé riachtanach go gcuimseofaí san Acht a bheartaítear ón tús ar fad go bhfuil na cosaintí um chearta an duine agus comhionannas a theastaíonn ina gcuid riachtanach dár ndaonlathas agus den smacht reachta.”
Áirítear ar mholtaí eile: Sonraí bithmhéadracha agus sainaithint bhithmhéadrach/cumhacht chun sonraí a úsáid
  • Go cheart go leagfaí amach go soiléir sa sainmhíniú ar “Shainaithint Bhithmhéadrach” gur cianchóras sainaitheanta bithmhéadraí cúlghabhálach nó ‘iar-aimseartha’ í agus ba cheart an sainmhíniú a leagtar amach sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga ón Aontas Eorpach a léiriú sa sainmhíniú.
  • Go n-áireofaí sa Bhille na coimircí nós imeachta agus srianta a theastaíonn i dtaobh na cumhachta úsáid a bhaint as sainaithint bhithmhéadrach chun a chinntiú nach bhfágtar an chumhacht sin oscailte d’úsáid a d’fhéadfadh a bheith idirdhealaitheach, claonta agus/nó treallach.
Raon feidhme na n-ábhar inrochtana
  • Go leagfaí amach go soiléir agus go beacht sa Bhille foinsí sonracha an ábhair is féidir a úsáid ar mhaithe le sainaithint bhithmhéadrach. Molann an Coimisiún freisin go leagfaí amach sa Bhille an bonn dleathach d’úsáid na bhfoinsí sin agus go gcinnteofaí go gcomhlíonann sé dlí an Aontais Eorpaigh.
  • Go leagfaí amach i reachtaíocht phríomha forálacha ina sonraítear an chaoi a gcothófar sláine na n-íomhánna agus an ábhair físeáin a fhaigheann/a choinníonn an Garda Síochána.
Feidhmiú agus faomhadh
  • Gur cheart do na feidhmeanna ar fad le haghaidh úsáid sainaitheanta bithmhéadraí sraith shonrach agus theoranta foinsí sonraí a shainaithint is féidir a úsáid i gcuardach bithmhéadrach.
  • Gur cheart na taifid scríofa ar fad a bhaineann le hiarratais ar úsáid sainaitheanta bithmhéadraí a chur ar fáil do chomhlacht neamhspleách formhaoirseachta oiriúnach, ar a laghad, ar bhonn bliantúil chun comhlíonadh oibleagáidí cheart an duine, comhionannais agus cosanta sonraí a mheasúnú.
Cód Cleachtais
  • Gur cheart a rá go soiléir nach mbeidh úsáid sainaitheanta bithmhéadraí i bhfeidhm go dtí go bhfoilsítear an cód cleachtais.
  • Gur cheart don chód cleachtais sonraí a thabhairt ar a bhfuil i gceist leis an bpróiseas fíorúcháin duine agus gur cheart dó sonraí sonracha a thabhairt faoi ról na foirne Garda, leibhéal na hoiliúna agus an tsaineolais a theastaíonn ina measc.
CRÍOCH/ Nótaí don Eagarthóir: Is féidir aighneacht IHREC don Aire Dlí agus Cirt faoi Scéim Ghinearálta Bhille an Gharda Síochána (Feistí Taifeadta) a fháil ar https://www.ihrec.ie/documents/submission-to-the-minister-for-justice-on-the-general-scheme-of-the-garda-siochana-recording-devicesamendment-bill/ * Áirítear leis na cearta sin: An ceart chun príobháideachais; Cosaint sonraí pearsanta; Dosháraitheacht an bhaile; Comhionannas agus neamh-idirdhealú; Cearta chun trialach córa agus cothroime nós imeachta; An ceart chun leigheas éifeachtach a fháil; Saoirse comhthionóil; agus Saoirse chun tuairimí a nochtadh. D’fhoilsigh an Coimisiún na breathnuithe reachtacha sin agus de réir a shainordaithe athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar leordhóthanacht agus ar éifeachtacht an dlí agus cleachtas sa Stát maidir le cosaint chearta an duine agus an chomhionannais agus moltaí a dhéanamh don Rialtas chun cearta an duine agus comhionannas a láidriú agus a chaomhnú.