Léim go dtí an t-ábhar
Thug Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) cabhair dhlíthiúil do bhean bhodhar in éileamh idirdhealaithe in aghaidh seirbhís phoiblí. Rinne an bhean iarracht rochtain a fháil ar an tseirbhís ar an nguthán le cúnamh ó ateangaire Theanga Chomharthaíochta na hÉireann. Ach diúltaíodh rochtain ar an tseirbhís ar an mbealach sin di. Rinne an bhean iarratas ansin go gcuirfí ateangaire Theanga Chomharthaíochta na hÉireann ar fáil di i mbrainse, ionas go bhféadfadh sí an tseirbhís a rochtain.  Ní bhfuair sí freagra ar feadh cúpla seachtain agus, toisc go raibh práinn ag baint leis an gcás, ní raibh an dara rogha aici ach dul chuig an mbrainse í féin, gan ateangaire Theanga Chomharthaíochta na hÉireann. Dá bharr sin, chuir sí éileamh faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann ar an bhforas míchumais agus toisc nach ndearnadh freastal réasúnta uirthi. I ndiaidh idirghabhála, thángthas ar shocrú ar a cás a shásaigh na páirtithe ar fad. Dúirt Deirdre Malone, Stiúrthóir an Choimisiúin:
“Aithnítear Teanga Chomharthaíochta na hÉireann mar theanga oifigiúil in Éirinn agus mar theanga dhúchais dá húsáideoirí.  Tá dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí ateangaireacht Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a chur ar fáil d’úsáideoirí saor in aisce nuair atá seirbhísí agus teidlíochtaí reachtúla á rochtain acu. Tá oibleagáid dhlíthiúil orthu freisin Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine a chomhlíonadh, dualgas a cheanglaíonn orthu aird a bheith acu ar an ngá leis an idirdhealú a dhíchur, comhionannas deiseanna a chur chun cinn, agus cearta an duine a chosaint, d’fhoireann na hearnála poiblí agus d’úsáideoirí seirbhísí.  Fáiltímid roimh shocrú an cháis seo ar bhealach a shásaigh an dá pháirtí, ár gcliant ina measc a raibh constaicí breise os a comhair chun seirbhís phoiblí a rochtain toisc go bhfuil sí bodhar.”
CRÍOCH/