Léim go dtí an t-ábhar
Thug Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) cabhair dhlíthiúil do ghrúpa ban a bhí páirteach in éileamh ar phá comhionann faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta. Mhaígh na mná go raibh cleachtais neamhionanna ar bun ag a n-iarfhostóir maidir le luach saothair na bhfostaithe agus d’iarr siad réiteach ar an gcás trí bhealaí dlíthiúla. Trína n-éilimh a thionscnamh, d’fhéach na mná le feasacht a ardú ar an tábhacht a bhaineann le comhionannas san ionad oibre. Le cúnamh ón gCoimisiún, shocraigh na mná a n-éilimh ar théarmaí a shásaigh an dá pháirtí. Dúirt Sinéad Gibney, Príomh-Choimisinéir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas: “Bhí an-áthas ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas cabhair dhlíthiúil a thabhairt do na mná díograiseacha seo chun dúshlán a thabhairt do na téarmaí faoinar íocadh iad. “Spreagadh na gearánaigh seo ag mian ní hamháin chun feabhas a chur ar a gcás féin, ach ar dhálaí oibre a gcomhghleacaithe mná agus ban san ionad oibre trí chéile.” CRÍOCH/ Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le: Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide IHREC, 01 8589641 sarah.clarkin@ihrec.ie Tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin  www.ihrec.ie nó lean muid ar twitter agus Instagram @_IHREC Nóta Eagarthóra Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát. Is é an Coimisiún foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus tá aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann é freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe. Faoina fheidhmeanna dlíthiúla a leagtar amach san Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, féadfaidh an Coimisiún, i gcúinsí áirithe, cabhair dhlíthiúil a sholáthar do dhuine a dteastaíonn uaidh cás a bhaineann le cearta an duine nó cóir chomhionann a thabhairt os comhair na gCúirteanna nó an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre. In Alt 40 den Acht, ciallaíonn “cabhair” aon cheann nó gach ceann acu seo a leanas: 1. comhairle dhlíthiúil a sholáthar don iarratasóir, nó socrú a dhéanamh maidir lena soláthar don iarratasóir; 2. ionadaíocht dhlíthiúil a sholáthar don iarratasóir, nó socrú a dhéanamh maidir lena soláthar don iarratasóir; 3. cibé cabhair eile a sholáthar don iarratasóir is cuí leis an gCoimisiún sna himthosca;