Thug Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) cabhair dhlíthiúil d’fhear in éileamh idirdhealaithe faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta.
Chuir an fear tús le fostaíocht leis an bhfostóir freagróra os cionn deich mbliana ó shin agus nuair a shlánaigh sé 66 bliain d’aois cuireadh iallach air dul ar scor. Líomhain sé nár socraíodh aois scoir shainráite ina chonradh fostaíochta ná i dtéarmaí agus coinníollacha na fostaíochta.
Chuir an fear gearán idirdhealaithe ar an bhforas aoise faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (‘WRC’) ina dhiaidh sin. Le cabhair dhlíthiúil ón gCoimisiún, socraíodh an gearán sin agus fuair an fear íocaíocht chúitimh.
D’fhoilsigh an Coimisiún treoir le haghaidh fostóirí agus fostaithe a dteastaíonn uathu a chinntiú nach ndéantar idirdhealú in ionaid oibre na hÉireann ar oibrithe níos sine ar mian leo leanúint leis an obair.
Dúirt an Stiúrthóir Deirdre Malone:
“Tá áthas ar an gCoimisiún gur thugamar cabhair dhlíthiúil sa chás seo faoi idirdhealú aoise. Tá sé ríthábhachtach, i sochaí atá cóir cothrom, go mbainisteofaí scor duine de réir an dlí.”CRÍOCH/