Léim go dtí an t-ábhar
Thug Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (“an Coimisiún”) cabhair dhlíthiúil d’fhear atá dall in éileamh idirdhealaithe faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann. Bhí deacrachtaí leanúnacha ag an éilitheoir le seirbhísí baincéireachta ar líne a bhí ag banc mórshráide a úsáid. Bhain a chéad deacracht le ceannach a chur i gcrích trí bhaincéireacht ar líne. Bhí fadhbanna le feidhmiúlacht aip bhaincéireachta ar líne an bhainc, nuair a iarradh air fíordheimhniú láidir custaiméara a úsáid i measc fadhbanna eile. D’fhéadfadh céimeanna ar nós svaidhpeála agus tapála ar áit faoi leith ar an scáileán bac a chur ar dhuine atá dall. Mar thoradh air sin, ní raibh fáil ag an éilitheoir ar sheirbhísí uile an bhainc ar líne.  Bhí deacrachtaí aige freisin teacht ar a ráitis bhainc ar líne toisc gur díchumasaíodh gnéithe inrochtaineachta na cáipéise. Tá na gnéithe inrochtaineachta sin riachtanach d’úsáideoirí dalla na seirbhíse chun cáipéisí digiteacha a úsáid go neamhspleách trí theicneolaíocht ghuthaithe nó feidhm “léamh os ard”. Chuir an fear gearán faoin mbanc faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre ar an bhforas míchumais agus toisc nach ndearnadh freastal réasúnta air. Le cabhair ón gCoimisiún, shocraigh an fear an t-éileamh ar théarmaí a shásaigh an dá pháirtí. Dúirt an Príomh-Choimisinéir Sinéad Gibney:
“Fáiltíonn an Coimisiún roimh an socrú dlíthiúil seo toisc gur seirbhís riachtanach í an bhaincéireacht a gcaithfimid ar fad a bheith in ann a rochtain, daoine atá faoi mhíchumas inár measc. Tá oibleagáid dhlíthiúil ar sheirbhísí príobháideacha, bainc ina measc, bearta a chur i bhfeidhm chun go mbeadh duine faoi mhíchumas in ann a seirbhís a úsáid. Agus níos mó agus níos mó seirbhísí ag baint leas as an teicneolaíocht, caithfimid a bheith airdeallach mar shochaí faoin tionchar a bhíonn aige sin ar gach grúpa.”
/CRÍOCH