Léim go dtí an t-ábhar
I mí Feabhra 2024, d’fhógair Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) gur bhain sé leas as a chumhachtaí dlí chun iarraidh ar Gymnastics Ireland tabhairt faoi Athbhreithniú Comhionannais ar a sheirbhísí, agus gur ghlac Gymnastics Ireland leis sin. D’fhoilsigh an Coimisiún cuntas inniu ar thoradh Athbhreithniú Comhionannais Gymnastics Ireland, ina bhfuil iniúchadh na heagraíochta ar an leibhéal comhionannais deiseanna atá ar fáil i dtaca le soláthar seirbhísí Gymnastics Ireland, agus aird ar an dlí comhionannais ábhartha (na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2018). Bhain an próiseas le scrúdú Gymnastics Ireland ar na cleachtais agus nósanna imeachta atá i bhfeidhm aige chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn go ginearálta i soláthar a sheirbhísí. D’fháiltigh an Coimisiún roimh rannpháirtíocht dhearfach Gymnastics Ireland i bpróiseas an Athbhreithnithe Comhionannais.  Chuir Gymnastics Ireland roinnt athruithe beartais agus nós imeachta i bhfeidhm mar gheall ar an athbhreithniú seo, agus cuirtear fáilte rompu siúd. Mar shampla, ghlac sé Straitéis úrnua Éagsúlachta, Cothromais, Cuimsithe agus Muintearais (“DEIB”). Chomh maith leis sin, d’fhostaigh Gymnastics Ireland beirt bhall foirne nua atá freagrach as DEIB (Bainisteoir Spóirt Shábháilte agus Ionracais nua agus Stiúrthóir Oibríochtaí agus Tacaíochta Pobail nua). Is céimeanna suntasacha iad sin a chuir Gymnastics Ireland i bhfeidhm chun a ailtireacht chomhionannais a fhorbairt. Ar an iomlán, tá an próiseas Athbhreithnithe Comhionannais ar thug Gymnastics Ireland faoi ar chaighdeán an-ard, agus aithníonn an Coimisiún leibhéal iarrachta na heagraíochta in ullmhú an Athbhreithnithe Comhionannais. Dúirt Liam Herrick, an Príomh-Choimisinéir:
“Fáiltímid inniu roimh fhoilsiú shonraí an Athbhreithnithe Comhionannais a rinne Gymnastics Ireland. Má tá comhionannas deiseanna le baint amach, teastaíonn obair leanúnach gan staonadh, agus is dearfach a fheiceáil go bhfuil creat láidir beartais agus nós imeachta i bhfeidhm ag Gymnastics Ireland chun é sin a chosaint agus a chur chun cinn.   Tá súil ag an gCoimisiún go gcinnteoidh cur i bhfeidhm praiticiúil an chreata nua sin comhionannas deiseanna do chách. Is cuid thábhachtach de dhlúth agus inneach ár sochaí é an spórt, agus tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí spóirt i gcomhionannas a chur chun cinn agus a chosaint i measc a rannpháirtithe. Tá súil againn go mbeidh an tAthbhreithniú Comhionannais seo ina acmhainn úsáideach do chomhlachtaí spóirt agus institiúidí cultúrtha eile agus iad ag cur comhionannas chun cinn.”
CRÍOCH/ Tá tuilleadh eolais ar fáil ó: Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide IHREC, 01 8592641 / 087 4687760 sarah.clarkin@ihrec.ie

Nótaí don Eagarthóir:

Léigh an cuntas ar an Athbhreithniú Comhionannais a rinne Gymnastics Ireland

Athbhreithniú Comhionannais

In Alt 32 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, tugtar cumhachtaí reachtúla don Choimisiún maidir le tabhairt faoi Athbhreithnithe Comhionannais agus Pleananna Gníomhaíochta Comhionannais a ullmhú. D’fhéadfadh go mbainfeadh Athbhreithniú Comhionannais nó Plean Gníomhaíochta Comhionannais le comhionannas deiseanna go ginearálta, nó le gné faoi leith d’idirdhealú, laistigh d’eagraíocht nó d’eagraíochtaí (san earnáil phoiblí nó phríobháideach). Tuigtear go gciallaíonn comhionannas deiseanna go dtabharfaidh eagraíocht na deiseanna céanna do dhaoine, agus go gcaithfear mar an gcéanna leo, gan míbhuntáiste do na daoine sin ar bhonn aon fhorais idirdhealaitheacha a liostaítear sna hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2018, ag féachaint le comhionannas iomlán a chinntiú iarbhír i measc daoine. I measc na bhforas idirdhealaitheach a liostaítear sna hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2018 tá na forais inscne, stádais phósta, stádais teaghlaigh, aoise, míchumais, gnéaschlaonta, cine, creidimh agus comhaltais den Lucht Siúil. Iarrtar ar eagraíochtaí tabhairt faoi Athbhreithnithe Comhionannais agus is faoin gCoimisiún fócas na n-athbhreithnithe sin, agus aird ar a réimsí d’obair spriocdhírithe agus a thosaíochtaí straitéiseacha. I dtéarmaí neamhdhlíthiúla, is bealach iad Athbhreithnithe Comhionannais d’eagraíocht chun a cleachtais a thagarmharcáil, nó a iniúchadh, le hais a hoibleagáidí faoin dlí comhionannais chun a mheasúnú an bhfuil an eagraíocht, mar sholáthróir seirbhíse, ag comhlíonadh a hoibleagáidí reachtúla chun comhionannas deiseanna, nó easpa idirdhealaithe, a chinntiú.

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Is comhlacht poiblí neamhspleách é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, a cheapann an tUachtarán agus atá freagrach go díreach don Oireachtas. Leagtar amach sainchúram reachtúil an Choimisiún faoin Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, is é sin cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn in Éirinn, agus cultúr ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát. Is é Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas foras náisiúnta na hÉireann um chearta an duine agus aitheantas ó na Náisiúin Aontaithe aige dá réir. Is é an Coimisiún comhlacht náisiúnta comhionannais na hÉireann freisin chun críche réimse beart ón Aontas Eorpach in aghaidh an idirdhealaithe.