Foilsíonn an Coimisiún Aighneacht le cur faoi bhráid Chomhairle na Náisiún…
Foilsíonn an Coimisiún Aighneacht le cur faoi bhráid Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine
Éifeachtaí diúltacha an Neamhionannais Gheilleagraigh á ngéarú ag an Athrú Aeráide
D’fhoilsigh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) a Aighneacht do Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine faoi chur i bhfeidhm na moltaí a rinneadh i rith an Tríú hAthbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann ar Éirinn in 2021.
Faoi phróiseas an Athbhreithnithe sin, déanann tíortha NA measúnú ar thíortha eile i dtaobh a dtaifid um chearta an duine i gcás raon leathan de chearta an duine.
Tá cearta sibhialta agus polaitiúla i measc na gceart sin, amhail an ceart chun saoirse, saoirse cainte, saoirse ó chéastóireacht, íde a bheadh mídhaonna nó táireach; chomh maith le cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha amhail an ceart chun sláinte, oideachais agus slándáil shóisialta.
Cé go dtréaslaímid leis an Stát as a thuairisc mheántéarma a ullmhú, tá teorainneacha suntasacha lena chur chuige, a dhíríonn ar aschuir beartas agus reachtacha, seachas ar thorthaí a thomhas agus taithí saoil na ndaoine agus na bpobal a ghabháil.
Cé go ndearnadh dul chun cinn dearfach ón athbhreithniú deireanach, is údar imní dúinn nach bhfuil an dul chun cinn, ar an iomlán, ag comhlíonadh a bhfuil ag teastáil. Áitímid ar an Stát na moltaí inár n-aighneacht a mheas agus an tréimhse mheántéarma a úsáid mar dheis machnaimh agus ullmhúcháin réamhghníomhaigh roimh Thimthriall an Cheathrú hAthbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann ar Éirinn.
Rinneamar moltaí i réimsí ar nós athrú aeráide, cánachais, sláinte agus tithíochta, cóiríocht dhóthanach don Lucht Siúil agus d’Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta ina measc.
Tá an-imní orainn faoi mhainneachtain an Stáit cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (ESC) a chosaint mar is ceart in Éirinn, mar a léirítear sna géarchéimeanna seasmhacha agus géara sa chúram sláinte, tithíocht agus comhionannas geilleagrach. Chun cosaint iomlán na gceart sin a chinntiú, caithfear cearta ESC a áireamh mar chearta inbhreithnithe i mBunreacht na hÉireann, agus go dtacófaí leo le coimircí reachtúla agus bearta beartais.
Dúirt Deirdre Malone, Stiúrthóir an Choimisiúin:
“Tá an neamhionannas geilleagrach mar dhúshlán cinniúnach na linne seo, ceann a bhfuil tionchar an athraithe aeráide ag cur go mór lena bhaol. Braitear a éifeachtaí diúltacha ar fud na sochaí, ach is iad ár ngrúpaí is leochailí is mó a bhíonn thíos leis, agus is iadsan a gcaithfear aird a thabhairt ar a n-eispéiris.“Tá sé de dhualgas ar an Stát gach uirlis atá ar fáil dó a úsáid, cearta ESC a chur ar bhonn reachtach ina measc, na cearta sin a chur i bhfeidhm agus a chinntiú go mbíonn an chosaint chéanna ag gach duine a chónaíonn in Éirinn.”
Áirítear ar na príomh-mholtaí:
Leanann an Stát le daingniú láithreach an Phrótacail Roghnaigh leis an gCoinbhinsiún ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus an Phrótacail Roghnaigh leis an gCoinbhinsiún i gcoinne Céasadh.
Tugann an Stát isteach reachtaíocht díchill chuí um chearta an duine atá éigeantach, a áiríonn an slabhra luacha iomlán de gach cuideachta agus cosaintí comhshaoil, agus a chinntíonn smachtbhannaí agus forfheidhmiú éifeachtach.
Tugann an Stát aghaidh ar na struchtúir cánach shainaitheanta atá ag imirt tionchar ar chosaintí ceart i gcríocha eile, agus tugann faoi mheasúnuithe neamhspleácha leanúnacha agus rialta ar thionchar a bheartas ar mhí-úsáid cánach trasteorann.
Baineann an Stát leas as na hacmhainní ar fad atá ar fáil, idir intíre agus AE, chun bearta claochlaithe, maolaithe agus oiriúnaithe a chinntiú mar fhreagairt ar athrú aeráide agus cailliúint bithéagsúlachta.
Leasaíonn an Stát an tAcht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018, de réir mholtaí an Athbhreithnithe Neamhspleách ar Oibriú an Achta, ar bhonn práinne.
CRÍOCH/
Is féidir an aighneacht a íoslódáil ach cliceáil ar annasc seo
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:
Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide IHREC,
01 852 9641 / 087 468 7760
sarah.clarkin@ihrec.ie
Lean muid ar twitter @_IHREC