Léim go dtí an t-ábhar

Líon na nIarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta gan chóiríocht tar éis ardú go mór, ó thug an Ard-Chúirt breithiúnas i mí Lúnasa gur sháraigh an Stát a gceart daonna chun dínite.

Tháinig Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) os comhair na hArd-Chúirte inniu, in éisteacht chun orduithe Cúirte a thabhairt chun críche a d’eascair as cás a thóg sé ina ainm féin. Bhain an cás le grúpa mór d’Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta (‘IPAnna’) a d’fhág an Stát gan chóiríocht nuair a tháinig siad i láthair ag lorg tearmainn. De bharr an cháis sin, d’fhógair an Chúirt deich seachtaine ó shin gur sháraigh an Stát a gceart chun dhínit an duine, trína mhainneachtain freastal ar a mbunriachtanais. Nuair a chuir an Coimisiún tús lena chás i mí na Nollag 2023, bhí 259 IPA gan chóiríocht. Faoin am ar éisteadh an cás i mí na Bealtaine, bhí an líon sin tar éis ardú go 1,715. 2,822 atá i gceist amhail an tseachtain seo. I rith na héisteachta ar maidin, thug an Coimisiún breac-chuntas ar a mhíshástacht ollmhór leis an easpa dul chun cinn a rinne an Stát ó tugadh an breithiúnas. D’ainneoin a ndúirt an Ard-Chúirt i mí Lúnasa faoi cheisteanna ríthábhachtacha éagsúla ina raibh gníomhartha an Stáit easnamhacha – ina measc rochtain ar dhóthain cúnamh airgeadais, saoráidí sláinteachais agus bia feiliúnach – ní dheachaigh an Stát i ngleic leo sin. Ó tugadh an breithiúnas, tá an Coimisiún tar éis a imní a chur in iúl don Stát go rialta faoi na dainséir a bhfuil an-taifead orthu, agus a bhfuil fíorbhaol i gceist leo, a bhíonn le sárú ag IPAnna agus iad ina gcodladh amuigh ar ár sráideanna. Cé go bhfuil deireadh leis an gcás anois, is beag dul chun cinn a rinne an Stát. Is údar imní fós don Choimisiún go bhfuil líon na IPAnna gan chóiríocht fós ag méadú, d’ainneoin ordú Cúirte soiléir gur sáraíodh a mbunchearta, chomh maith le ráiteas soiléir na Cúirte go raibh sí ag súil leis nach ndéanfadh an Stát neamhaird dá oibleagáidí (alt 262 den bhreithiúnas).  Thug an Chúirt le fios go mbeidh gá le himeachtaí Ard-Chúirte nua, dá mba mhian leis an gCoimisiún leanúint d’aon neamhghníomh de chuid an Stáit chun an scéal a leigheas i ndiaidh bhreithiúnas na hArd-Chúirte i mí Lúnasa. Dúirt Michael O’Neill, an Ceannasaí Dlí sa Choimisiún:
“Ní bheadh gá ar bith leis na himeachtaí seo dá gcomhlíonfadh an Stát a oibleagáidí dlíthiúla chun a mbunriachtanais a sholáthar d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.  Tá sé do-ghlactha, deich seachtaine i ndiaidh an rialaithe thábhachtaigh sin, a laghad atá bainte amach ag an Stát.  Rinne an Ard-Chúirt a rialú ar an mbonn go ngníomhódh an Stát.  Tá an Coimisiún den tuairim anois go n-eascraíonn ceist fhorlámhas an dlí as seo ar údar imní í. Tá fíordhaoine ag croí na ceiste seo agus iad ag lorg cosanta. Ina áit sin, tá siad neamhchosanta ar an tsíon, an t-ocras, easpa saoráidí níocháin, agus bunriachtanais eile, ar feadh cúpla mí i roinnt cásanna, i dteannta bagairt leanúnach ar a sábháilteacht phearsanta. Éigeandáil dhaonna é seo ag deireadh an lae, agus áitímid ar an Stát tabhairt faoin gceist go stuama faoi dheireadh is faoi dheoidh, chun a chinntiú nach bhfuil oiread agus dídeanaí amháin fágtha sa chás seo.”
  CRÍOCH/

Nótaí don Eagarthóir

breithiúnas iomlán na hArd-Chúirte, a tugadh an 1 Lúnasa, ar fáil agus preas-eisiúint uainne freisin ón tráth sin. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le: Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide IHREC, 01 852 9641 / 087 468 7760 sarah.clarkin@ihrec.ie Lean muid ar twitter @_IHREC Rannpháirtíocht an Choimisiúin i dtaobh cearta Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta Ó mhí Eanáir 2023, tá an Coimisiún ag cur a imní in iúl gan staonadh faoin easpa soláthair ar bhunriachtanais Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta. D’fhéach sé le haghaidh a thabhairt air sin trí shásraí éagsúla, ina measc scríobh chuig an Aire ar ócáidí difriúla, chomh maith le ráitis phoiblí a eisiúint ina leagtar amach a údar imní. Cumhacht an Choimisiúin Imeachtaí a Thionscnamh Áirítear le feidhm an Choimisiúin faoi alt 10(1) d’Acht 2014:
  • cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn
  • forbairt cultúir ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát
  • tuiscint agus feasacht ar thábhacht chearta an duine agus an chomhionannais a chur chun cinn sa Stát,
  • dea-chleachtas a spreagadh sa chaidreamh idirchultúrtha, caoinfhulaingt agus glacadh leis an éagsúlacht sa Stát agus meas ar shaoirse agus ar dhínit gach duine a chur chun cinn, agus
  • oibriú chun drochbhearta maidir le cearta an duine, le hidirdhealú agus le hiompar toirmiscthe a dhíchur.
Chun na feidhmeanna sin a chur chun cinn, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún “i gcás gur cuí leis, imeachtaí a thionscnamh faoi alt 41 nó alt 19 d’Acht 2003, de réir mar is cuí.” Foráiltear le halt 41 d’Acht 2014:
  • Féadfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh in aon chúirt dlínse inniúla chun faoiseamh de chineál dearbhaithe nó de chineál eile a fháil i leith aon ní a bhaineann le cearta an duine atá ag aon duine nó aicme daoine.
Maidir leis an bhfaoiseamh dearbhaithe a fhéadfaidh an Coimisiún féachaint lena fháil in imeachtaí den sórt sin, folaíonn sé faoiseamh ar mhodh dearbhú go bhfuil achtachán nó foráil d’achtachán neamhbhailí, ag féachaint d’fhorálacha an Bhunreachta, nó nár lean achtachán, nó foráil d’achtachán, de bheith i bhfeidhm de bhun Airteagal 50 den Bhunreacht.