Léim go dtí an t-ábhar
Press Release

Scríobhann an Coimisiún chuig comhlacht maoirseachta Chomhairle na hEorpa den naoú huair maidir le mainneachtain leanúnach an Stáit breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chomhlíonadh sa chás O’Keeffe in aghaidh na hÉireann de dheasca easpa córas sásaimh cothrom agus éifeachtach le haghaidh marthanóirí drochúsáide.

In 2014, ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (‘ECtHR’) in Strasbourg, bhuaigh Louise O’Keeffe a cás in aghaidh na hÉireann de dheasca gur mhainnigh sí í a chosaint ar an drochúsáid ghnéasach a d’fhulaing sí i lámha a múinteora le linn di a bheith ina dalta ag Scoil Náisiúnta Dhún Darú, Iarthar Chorcaí, sna 1970idí.

Mar iarmhairt ar bhreithiúnas Strasbourg, cuireadh oibleagáid dhlíthiúil ar Éirinn scéim sásaimh a thabhairt isteach do dhaoine a d’fhulaing drochúsáid ghnéasach i scoileanna Stát‑mhaoinithe sular thug an Stát isteach bearta cosanta leanaí go luath sna 1990idí.

D’ainneoin leithscéalta iomadúla a ghabháil leis na híospartaigh, mainníonn rialtas na hÉireann go leanúnach breithiúnas 2014 sa chás O’Keefe in aghaidh na hÉireann a chur chun feidhme.  Is amhlaidh atá toisc gur theip air scéim sásaimh a thabhairt isteach lena léirítear agus lena n‑urramaítear breithiúnas ECtHR.  Go dtí seo, bhí cur chuige an Stáit chun sásamh a sholáthar do mharthanóirí drochúsáide gnéasaí i scoileanna idirdhealaitheach agus treallach.

Sa tuarascáil is déanaí a thug an gCoimisiún do Chomhairle na hEorpa, cuirtear i dtábhacht nach bhfuil aon scéim sásaimh ar fáil anois do mharthanóirí drochúsáide gnéasaí i scoileanna, a dtagann a gcásanna laistigh de théarmaí bhreithiúnas O’Keeffe.

Dar leis an gCoimisiún, is ábhar mór imní é nach bhfuil aon fhíorghealltanas tugtha ag rialtas na hÉireann do mharthanóirí drochúsáide chun rochtain chothrom ar shásamh a sholáthar dóibh, chun cúiteamh a dhéanamh as a mhainneachtain iad a chosaint – rud atá de dhíth le breis agus deich mbliana anuas.

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil rún ag an Stát Coimisiún Imscrúdúcháin a bhunú maidir le drochúsáid i scoileanna áirithe (i.e. iad sin arna rith ag oird rialta), ach cuireann sé ábhair imní mhóra in iúl gur féidir go gcuirfear moill bhreise ar an Stát sásamh a sholáthar do mharthanóirí de dheasca an mholta sin. Níl aon chúis ann nach féidir sásamh Stáit a íoc anois.

Cuirtear béim mhór ar mhainneachtain an Stáit córas cothrom sásaimh a sholáthar do mharthanóirí drochúsáide trí eispéireas chairde scoile Louise O’Keeffe, mná a d’fhreastail ar Scoil Náisiúnta Dhún Darú freisin (‘mná Dhún Darú’). Cosúil le Louise O’Keeffe, rinne an múinteoir péidifiligh céanna drochúsáid ghnéasach ar na mná sin.

Tá eolas ag an Stát ar mhná Dhún Darú ar feadh na scórtha blianta mar, ach an oiread le Louise O’Keeffe, sholáthair cuid mhór acu ráitis don Gharda Síochána – na ráitis chéanna a d’fhág gur ionchúisíodh agus gur ciontaíodh a mí‑úsáideoir. Mar sin féin, de dheasca réamhchoinníollacha idirdhealaitheacha agus lochtacha a forchuireadh leis an dá scéim sásaimh de chuid an Stáit go dtí seo, ní raibh siad incháilithe le haghaidh sásaimh.

Déanann dlíodóirí de chuid an Choimisiúin ionadaíocht anois do chuid mhór de mhná Dhún Darú agus, an 5 Nollaig 2024, scríobh siad chuig an Aire Oideachais thar ceann na mban ag lorg sásaimh. Go dtí seo, níor fhreagair an tAire Oideachais iad.

Tá an Coimisiún buartha gurb amhlaidh, de dheasca neamhghéilliúlacht Rialtas na hÉireann, a chuirfear iallach ar mhná Dhún Darú agus marthanóirí eile imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh chun a gcuid ceart a chosaint faoin gcás O’Keeffe in aghaidh na hÉireann, agus go dtiocfaidh tuilleadh struis agus tráma as sin.  Ón 30 Eanáir 2024, léirigh an Stát gur íoc an Stát 40 íocaíocht chúitimh a bhí comhionann le híocaíochtaí sásaimh le daoine a thagann laistigh de théarmaí an cháis O’Keeffe in aghaidh na hÉireann, agus sin chun dlíthíocht a réiteach.

Iarrann an Coimisiún ar Rialtas na hÉireann scéim chothrom agus inrochtana a thabhairt isteach, gan tuilleadh moille, lena soláthraítear sásamh do mharthanóirí i gcomhréir le breithiúnas an Mhór‑Dhlísheomra, is é sin scéim sásaimh nua:

  • Lena gcomhlíontar breithiúnas an cháis O’Keeffe in aghaidh na hÉireann go hiomlán.
  • Nach n‑áirítear coinníollacha míréasúnta ná treallacha inti chun sásamh a rochtain;
  • Lena seachnaítear tráma a fhágáil athuair ar mharthanóirí.
  • A chuirtear ar fáil láithreach – i.e. ní féidir moill a chur ar shásamh de dheasca Coimisiún Imscrúdúcháin nó sásraí/imscrúduithe eile; agus
  • Lena n‑aithnítear freagracht aonair an Stáit i leith marthanóirí.

Dúirt an Príomh-Choimisinéir Liam Herrick:

“Tá breis agus 11 bhliain caite ó bhuaigh Louise O’Keeffe a breithiúnas cinniúnach in ECtHR agus tá sé neamhscrupallach go bhfuil marthanóirí fós ag troid ar son sásaimh.

Tá 16 mhí caite anois ó sholáthair an Stát nuashonrú substainteach do Chomhairle na hEorpa maidir lena chomhlíontacht le breithiúnas ECtHR sa chás O’Keeffe in aghaidh na hÉireann.”

“Is dócha gurb é an éifeacht phraiticiúil a bheidh ag moill an Stáit agus séanadh sásaimh an Stáit ar mharthanóirí drochúsáide gnéasaí i scoileanna iallach a chur ar mharthanóirí, lena n‑áirítear mná Dhún Darú agus mná eile, imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh chun a gcuid ceart a chosaint. Níl gá leis na himeachtaí sin agus fágtar tráma athuair ar mharthanóirí dá ndeasca agus, le blianta beaga anuas, ní raibh an Stát in ann iad a chosaint ach lean sé orthu á chur de cheangal ar mharthanóirí gníomhaíocht dhlíthiúil a thosú chun a gcuid ceart a chosaint.  Is mithid don Stát an ceart a dhéanamh agus scéim sásaimh chothrom agus inrochtana a thabhairt isteach.”