Inniu agus amárach, sa Chúirt Achomhairc, cosnóidh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) achomharc ón Stát in aghaidh bhreithiúnas na hArd-Chúirte ó mhí Lúnasa seo caite.
Sa chás sin, rialaigh an Ard-Chúirt gur theip ar an Stát ina dhualgas freastal ar bhunriachtanais, cóiríocht ina measc, iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, rud a sháraigh a gceart chun dínite.
Thug an Coimisiún an cás chun na hArd-Chúirte ina ainm féin i leith aicme daoine, is é sin iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nár tairgeadh cóiríocht dóibh nuair a rinne siad éileamh ar thearmann i ndiaidh dóibh Éire a shroicheadh go gairid roimhe sin.
Rinne an Stát a achomharc in aghaidh an rialaithe sin i mí na Samhna 2024, agus tá an Coimisiún ag cur ina aghaidh sin go hiomlán.
Nuair a chuir an Coimisiún tús lena chás i mí na Nollag 2023, bhí 259 iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta gan chóiríocht. Amhail an tseachtain seo, tá 3,512 ag fanacht ar thairiscint cóiríochta ón Stát.
Dúirt Liam Herrick, Príomh-Choimisinéir an Choimisiúin:
“Maíonn an Coimisiún i gcónaí go bhfuil ceart chun lóistín leormhaith agus dálaí bunúsacha maireachtála ag daoine a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta faoin dlí náisiúnta agus AE. Táimid ag súil le rialú na hArd-Chúirte a chosaint agus le cabhrú leis an gCúirt Achomhairc ina machnamh ar na ceisteanna seo.”CRÍOCH/
Nótaí don Eagarthóir
Léigh an breithiúnas iomlán. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó: Sarah Clarkin, Bainisteoir Cumarsáide IHREC, 01 852 9641 / 087 468 7760 sarah.clarkin@ihrec.ie Lean muid ar X @_IHREC Rannpháirtíocht an Choimisiúin i dtaobh cearta Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta Ó mhí Eanáir 2023, tá an Coimisiún ag cur a imní in iúl gan staonadh faoin easpa soláthair ar bhunriachtanais Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta. D’fhéach sé le haghaidh a thabhairt air sin trí shásraí éagsúla, ina measc scríobh chuig an Aire ar ócáidí difriúla, chomh maith le ráitis phoiblí a eisiúint ina leagtar amach a údar imní.- I mí Eanáir 2023, scríobh an Coimisiún chuig an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD, chun a thuairim a chur in iúl gur léir go bhfuil Éire ag sárú a hoibleagáidí idirnáisiúnta i dtaobh iarratasóirí nuathagtha ar Chosaint Idirnáisiúnta
- I mí an Mhárta 2023, tháinig an Coimisiún os comhair na hArd-Chúirte mar amicus curiae (‘cara na cúirte’) in dhá chás thábhachtacha a bhain le cearta daonna daoine a tháinig chun an Stáit ag lorg Cosaint Idirnáisiúnta
- I mí Aibreáin 2023, d’fháiltigh an Coimisiún roimh thoradh an cháis sin, inar eisigh an Breitheamh Meenan Dearbhuithe ina ndúradh go raibh mainneachtain an Aire dálaí ábhartha glactha a sholáthar d’iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta neamhdhleathach, agus gurb ionann í agus sárú ar cheart chun dínite an iarratasóra faoin gCairt um Chearta Bunúsacha:
- Ag tús mhí na Nollag 2023, scríobh an Coimisiún chuig an Aire O’Gorman arís chun aird a tharraingt ar a imní mhór faoi thuairiscí luatha ar easpa cóiríocht éigeandála d’iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta.
- An 21 Nollaig 2023, bhronn an Ard-Chúirt cead ar an gCoimisiún, in imeacht ina ainm féin, ag iarraidh go dtabharfaí aghaidh ar mhainneachtain an Stáit freastal ar bhunriachtanais, foscadh ina measc, na ndaoine a bhí tar éis teacht go hÉirinn le deireanaí agus a bhí ag lorg tearmainn
- An 29 Bealtaine 2024, d’eisigh an Coimisiún ráiteas ar an gcéad lá d’imeachtaí na hArd-Chúirte sa chás sin.
- An 1 Lúnasa 2024, rialaigh an Ard-Chúirt gur theip ar an Stát ina dhualgas freastal ar bhunriachtanais iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, rud a sháraigh a gceart chun dínite.
- An 19 Samhain 2024, fuair an Coimisiún fógra foirmiúil go ndearna an Stát achomharc ar rialú na hArd-Chúirte a tugadh i mí Lúnasa.
- cearta an duine agus an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn
- forbairt cultúir ina bhfuil meas ar chearta an duine, ar an gcomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a spreagadh sa Stát
- tuiscint agus feasacht ar thábhacht chearta an duine agus an chomhionannais a chur chun cinn sa Stát,
- dea-chleachtas a spreagadh sa chaidreamh idirchultúrtha, caoinfhulaingt agus glacadh leis an éagsúlacht sa Stát agus meas ar shaoirse agus ar dhínit gach duine a chur chun cinn, agus
- oibriú chun drochbhearta maidir le cearta an duine, le hidirdhealú agus le hiompar toirmiscthe a dhíchur.
- Féadfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh in aon chúirt dlínse inniúla chun faoiseamh de chineál dearbhaithe nó de chineál eile a fháil i leith aon ní a bhaineann le cearta an duine atá ag aon duine nó aicme daoine.
- Maidir leis an bhfaoiseamh dearbhaithe a fhéadfaidh an Coimisiún féachaint lena fháil in imeachtaí den sórt sin, folaíonn sé faoiseamh ar mhodh dearbhú go bhfuil achtachán nó foráil d’achtachán neamhbhailí, ag féachaint d’fhorálacha an Bhunreachta, nó nár lean achtachán, nó foráil d’achtachán, de bheith i bhfeidhm de bhun Airteagal 50 den Bhunreacht.