Léim go dtí an t-ábhar

Fág an suíomh seo go tapa agus oscail Google

Tá Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) ag éileamh go ndéanfar gníomh reachtúil agus beartais go práinneach chun daoine faoi mhíchumas a chosaint ar fhoréigean, drochíde agus faillí i dtimpeallachtaí institiúide, i ndiaidh don Phríomh-Choimisinéir, Liam Herrick, labhairt leis an gComhchoiste Oireachtais um Nithe a Bhaineann le Míchumas inniu (‘an Coimisiún’).

Ag labhairt leis an gCoiste dó, mhol an Príomh-Choimisinéir Herrick iarrachtaí an choiste díriú ar an bhforéigean in aghaidh daoine faoi mhíchumas i dtimpeallachtaí institiúide. Chuir sé ar an airdeall iad go bhfuil an drochíde agus an mhí-úsáid fós i measc na bhfadhbanna is práinní a bhaineann le cearta an duine in Éirinn.

Tharraing an Príomh-Choimisinéir Herrick aird ar na torthaí ó thuarascáil Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (‘FRA’) le deireanaí, Places of Care = Places of Safety?, ina bhfuarthas amach go bhfuil foréigean, comhéigean, mí-úsáid airgeadais, cleachtais theorantacha, réim cógas iomarcach agus faillí fós ag tarlú i dtimpeallachtaí institiúide. Luaigh sé gur minic gur formhaoirseacht scoilte, córais easnamhacha chun gearán a dhéanamh agus bearnaí suntasacha i gcreat reachtúil na hÉireann is cionsiocair leis na díobhálacha sin.  

Dúirt an Príomh-Choimisinéir Herrick go bhfuil an leasú ag tarlú i bhfad rómhall, cé gur aithin sé go bhfuil dul chun cinn déanta le gairid, lena n-áirítear an Creat Beartais Náisiúnta maidir le Cosaint Aosach a foilsíodh agus an obair leanúnach ar chaighdeáin athbhreithnithe HIQA.

“Níl an ráta athraithe ag teacht le práinn na faidhbe,” a dúirt sé. “Ní féidir le daoine faoi mhíchumas fanacht níos mó.”

Chuir an Coimisiún imní ar leith in iúl nach bhfuil reachtaíocht cosanta aosach ann go fóill agus go bhfuil moill ar thabhairt isteach Beart Cosanta Saoirse. Thug an Príomh-Choimisinéir Herrick rabhadh, de réir mar a bhogann Éire i dtreo deireadh a chur leis an gcoimircíocht, go mbeidh go leor daoine faoi mhíchumas fágtha gan cosaint shásúil dlí ar easpa saoirse neamhdhleathach. Tá tuairim is 1,000 duine ag brath ar shocrúcháin choimircíochta go fóill.  

Dúirt an Coimisiún arís gur gá go mbeadh tiomantas leanúnach náisiúnta ann don dí-institiúidiú, ag leagan béim ar an bhféidearthacht go bhfuil na cúinsí ina dtagann an drochíde chun cinn á gcruthú sna timpeallachtaí institiúide féin.

“An chosaint is éifeachtaí is ea a chinntiú gur féidir le daoine maireachtáil go neamhspleách agus a bheith mar chuid den phobal,”

a dúirt an Príomh-Choimisinéir Herrick.

“Éilíonn sé sin infheistíocht cheart sa tithíocht, cúnamh pearsanta agus tacaíochtaí bunaithe sa phobal.”

Leag an Príomh-Choimisinéir Herrick tuilleadh béime ar ról an Choimisiúin a bhfuiltear ag súil leis mar Shásra Náisiúnta Coisctheach faoin bPrótacal Roghnach a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta, ina ndéanfar maoirseacht ar sheirbhísí cónaithe do dhaoine faoi mhíchumas agus timpeallachtaí cúraim meabhairshláinte. Luaigh sé go mbeadh súil ghéar á coimeád ar fud an domhain ar thaifead an Stáit maidir le daoine faoi mhíchumas a chosaint ar fhoréigean agus drochíde, mar thoradh ar athbhreithniú na hÉireann a bheidh ag tarlú go luath os comhair Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas.  

D’áitigh an Príomh-Choimisinéir Herrick ar an Rialtas tús áite a thabhairt d’fhoilsiú agus achtú na reachtaíochta cosanta aosach agus na mBeart Cosanta Saoirse gan a thuilleadh moille.

Dúirt sé freisin 

“Ní ceist í seo a bhaineann leis an stair. Baineann sí le daoine a bhfuil cónaí orthu in institiúidí anois, ar fud na hÉireann. Ní hionann áiteanna cúraim agus áiteanna sábháilteachta i gcás an iomarca daoine.”