Léim go dtí an t-ábhar

Fág an suíomh seo go tapa agus oscail Google

Press Release

Cuireann an Coimisiún imní in iúl maidir le neamhspleáchas, comhleanúnachas agus trédhearcacht na reachtaíochta molta IS

Bhí Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (IHREC) os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Fhiontar, Turasóireacht agus Fostaíocht inniu, Dé Céadaoin, 13 Bealtaine 2026, chun plé a dhéanamh ar an reachtaíocht mholta chun úsáid na hIntleachta Saorga a rialú. Leag an Coimisiún béim ar an tábhacht a bhaineann leis an deis chlaochlaitheach seo chun reachtaíocht chomhleanúnach éifeachtach a chur ar fáil in Éirinn, lena gcosnófar bunchearta an duine.

Agus IHREC ag teacht os comhair an Choiste, d’fhógair siad go bhfuil baol ag baint le Scéim Ghinearálta an Bhille um Rialáil na hIntleachta Saorga, 2026 mar atá faoi láthair, go bhféadfaí creat maoirseachta IS a chruthú nach bhfuil sách neamhspleách, nach bhfuil dóthain acmhainní aige agus nach mbeidh na córais riachtanacha trédhearcachta ag baint leis chun cosaint chuí na mbuncheart a chinntiú.

Beidh IHREC ag éileamh leasuithe freisin chun a chinntiú go bhfuil an t-údarás ceart agus na hacmhainní cuí ag na naoi n-údarás tiomnaithe do bhunchearta “Airteagal 77” chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar chórais IS a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcomhionannas, an príobháideachas, cearta leanaí agus cuntasacht dhaonlathach.

Cuirfidh an Coimisiún cúis imní in iúl, is é sin go bhfuil Oifig IS mholta na hÉireann, a bheidh ina príomhúdarás ag an Stát chun cur chun feidhme an Ghnímh um an Intleacht Shaorga de chuid AE a chomhordú agus a chinntiú, faoi réir rialú aire agus feidhmeannais. Áiteoidh IHREC nach bhfuil an cur chuige seo ag teacht le litir agus meon an Ghnímh um an Intleacht Shaorga de chuid AE, lena n-éilítear ar údaráis inniúla náisiúnta a bheith ag feidhmiú go neamhspleách agus go neamhchlaonta.

Éileoidh an Coimisiún go gcaithfear clár náisiúnta riachtanach a bhunú do chórais IS a úsáidfidh comhlachtaí poiblí, ag tabhairt rabhaidh nach féidir tuilleadh IS a úsáid ar fud na seirbhísí poiblí gan bearta cosanta cearta trédhearcachta agus cuntasacha.
Ag labhairt dó roimh an éisteacht, dúirt Príomh-Choimisinéir IHREC, Liam Herrick: 

“Caithfidh na hacmhainní agus tiomantas polaitiúil teacht leis an méadú sciobtha atá tagtha ar úsáid na hintleachta saorga sna seirbhísí poiblí lena chinntiú go bhfuil cearta uile an duine á gcosaint. Tá rogha chinniúnach le déanamh againn in Éirinn anois – córas maoirseachta IS a thógáil lena gcosnófar cearta daoine mar is ceart, nó ceann ina dtugtar tús áite don luas agus leas an tionscail seachas don chuntasacht.”

“Dearadh an Gníomh um an Intleacht Shaorga de chuid AE lena chinntiú nach mbeadh cearta an duine agus an comhionannas thíos leis an nuálaíocht seo. Éilíonn sé sin maoirseacht láidir neamhspleách, rialtóirí a bhfuil na hacmhainní cearta acu, agus trédhearcacht fhiúntach maidir le conas atá córais IS á n-úsáid sa Stát agus go príobháideach.”

“Tá an deis againn in Éirinn ceannaireacht a léiriú le linn Uachtaránacht an AE atá ag ar na bacáin, ach caithfidh an cheannaireacht sin a bheith bunaithe ar mhuinín an phobail, cuntasacht dhaonlathach agus rialáil éifeachtach.”

Tá an Coimisiún á phlé seo le linn díospóireacht náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ag dul i méid faoin gclaonadh, an t-idirdhealú, an faireachas, an mhífhaisnéis agus tionchair níos leithne na dteicneolaíochtaí IS ar an tsochaí, go háirithe ar ghrúpaí atá leochaileach go struchtúrtha lena n-áirítear leanaí, daoine faoi mhíchumas, mionlaigh eitneacha agus mná.

Beidh an éisteacht ar siúl os comhair an Chomhchoiste um Fhiontar, Turasóireacht agus Fostaíocht ag 12.30pm Dé Céadaoin, 13 Bealtaine 2026.