Éilíonn an Coimisiún ar an Oireachtas níos mó ama a chur ar fáil chun leasú tábhachtach a mheas, agus an chéim dheiridh sa Seanad le tarlú amárach
Toisc go mbeidh an
Bille um Chúirteanna, an Dlí Sibhialta, an Dlí Coiriúil agus Aoisliúntas (Forálacha Ilghnéitheacha), 2024 (‘an Bille’) os comhair an tSeanaid amárach, scríobh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas (‘an Coimisiún’) chuig an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee arís, ag iarraidh go mbainfeadh an tAire na forálacha ón mBille sin a d’fhorálfadh le haghaidh aisghairm saoránachta Éireannaí.
Chuirfí am ar fáil dá réir chun scrúdú réamhreachtach cuí a dhéanamh chun a mheas an bhfuil dóthain coimircí i bhfeidhm do shaoránaigh Éireannach a bhféadfadh an chumhacht leitheadach seo dul i bhfeidhm orthu.
Tá sé i gceist leis an m
Bille um Chúirteanna, an Dlí Sibhialta, an Dlí Coiriúil agus Aoisliúntas (Forálacha Ilghnéitheacha), 2024 (‘an Bille’) leasú a dhéanamh ar fhorálacha ábhartha d’
Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 ina bpléitear le haisghairm saoránachta.
Creideann an Coimisiún go bhféadfaí na forálacha riachtanacha a chur i mBille eile san fhómhar, dóthain ama a chur ar fáil le go ndéanfadh an tOireachtas iad a mheas, agus iad a achtú roimh dheireadh 2024. Tá an deifir a rinneadh chun an Bille seo a reachtú tar éis srian mór a chur ar an am atá ar fáil le haghaidh scrúdú réamhreachtach cuí ar an reachtaíocht leasaithe a mholtar chun a chinntiú go bhfuil coimircí a chomhlíonann an Bunreacht mar chuid di.
Níor foilsíodh na leasuithe ábhartha a bheartaítear ach an tseachtain seo caite, an 9 Iúil 2024, lena cur go Céim an Choiste. Dá ainneoin sin, tá sé i gceist ag an rialtas go rithfí an dlí nua ar shaoránacht eadóirsithe a aisghairm sula dtéann an tOireachtas ar sos don samhradh.
Tá an-imní ar an gCoimisiún fós faoin easpa ama agus deiseanna chun scrúdú cuí a dhéanamh ar fhorálacha reachtacha atá chomh suntasach agus tábhachtach seo. I gcomhfhreagras leis an gCoimisiún, thug an tAire breac-chuntas ar a rún aghaidh a thabhairt ar chinntí na Cúirte Uachtaraí i gcás aisghairme roimhe seo, a tharla ceithre bliana ó shin, le reachtaíocht leasaithe. Ach níl an Coimisiún cinnte fós go mbaineann forálacha ábhartha an Bhille, mar atá faoi láthair, amach na hardchaighdeáin ceartais aiceanta a bheartaigh an Chúirt Uachtarach sa chás roimhe seo.
Dúirt Stiúrthóir Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, Deirdre Malone:
“Tá imní ollmhór fós ar an gCoimisiún faoin deifir iomarcach a bhaineann leis an mBille seo, agus an easpa deiseanna le haghaidh scrúdú réamhreachtach. Anuas air sin, tá imní orainn maidir leis an tairseach íseal chun an próiseas aisghairme a thosú, agus an gcomhlíonann an próiseas beartaithe féin caighdeáin an cheartais aiceanta.
Chomh maith leis sin, tharraingíomar anuas leis an Aire an fhéidearthacht go mbeidh fadhbanna ann a bhaineann le comhdhéanamh agus neamhspleáchas an Choiste Fiosrúcháin, chomh maith le himní shuntasach faoin méid a chuireann an Bille teorainn le cumas an Choiste Fiosrúcháin fiosrúchán a dhéanamh ar aon cheist faoi shlándáil náisiúnta a bheadh mar bhonn faoi chinneadh an Aire.
Áitímid go práinneach go ndéanfadh an tAire na forálacha sin a bhaint ón mBille a fhorálann le haghaidh leasú alt 19 d’Acht 1956, chun an t-am cuí le haghaidh a scrúdaithe réamhreachtaigh a chur ar fáil.”
CRÍOCH/
Tá an litir chuig an Aire McEntee, dar dáta an 10 Iúil 2024, ar fáil anseo
Tá an litir chuig an Aire McEntee, dar dáta an 16 Iúil 2024, ar fáil anseo